

Tá méadú 45% tagtha ar thuairiscí do ghardaí atá ag déileáille foréigean baile, le ceithre bliana anuas.
Tá méadú tagtha ar líon na nglaonna éigeandála a thuairiscigh foréigean baile ó 44,782 i 2020 go 65,224 anuraidh, de réir figiúirí nua.

Mar thoradh air seo d’éiligh Safe Ireland, grúpa abhcóideachta foréigean baile, ar an Rialtas ‘freagra iomlán’ a bheith aige ar fhoréigean baile ag leibhéal áitiúil, seachas tosaíocht a thabhairt do spásanna tearmainn nua, mar a gheall an Rialtas go ndéanfaidh sé sa Chlár don Rialtas.
Dúirt príomhfheidhmeannach Safe Ireland, Mary McDermott: ‘Tá an-imní orainn go ndíreofar ar thógáil tearmainn in ionad an fhíorfhreagartha ar fhoréigean baile ag an leibhéal áitiúil de réir mar is gá.’
Dúirt sí go bhfuil sábháilteacht na mban i mbaol mar ní mór dóibh filleadh ó thearmainn go dtí an teach arís, agus bíonn siad ‘níos mó i mbaol’ ná mar a bhí siad nuair a d’fhág siad an áit sa chéad áit.
‘Caithfear níos mó a dhéanamh – caithfidh an Rialtas a bheith dáiríre faoi seo, agus cosáin a thabhairt taobh amuigh den tearmann a chruthú.
‘Táimid fíor bhuartha faoi seo, mar mura bhfuil ach tearmann á thógáil agat, níl á dhéanamh agat ach cul-de-sac a thógáil.’
Chuir an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan na figiúirí ar fáil mar fhreagra ar cheist Dála ó urlabhraí Dlí agus Cirt de chuid Shinn Féin Matt Carthy.
Léiríonn siad go bhfuil méadú mór tagtha ar thuairiscí foréigean baile i ngach réigiún.
Bhí an leibhéal tuairiscithe le foréigean baile ab airde ag Baile Átha Cliath.
Mhéadaigh glaonna éigeandála le foréigean baile chuig gardaí ó 4,976 in 2020 go 6,027 i 2023 i limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath Thiar – an líon is airde in aon réigiún.
Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, bhí an líon is airde tuairiscí ag Lú/Cabhán/Muineachán ag 4,329 in 2023.

Níor soláthraíodh miondealú de réir réigiúin don bhliain 2024.
Dúirt Ms McDermott gur ‘ábhar casta’ é tuairisciú foréigean baile, agus go bhfuil ‘go leor sraitheanna éagsúla’ ann as a dtagann leibhéil mhéadaithe tuairiscithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.