

Tá faitíos ar fhoireann rugbaí na hÉireann go mbainfidh an Bhreatain Bheag tairbhe as a bhfoireann bhainistíochta nua.
Tá brú áirithe ag teacht ar Éirinn mar tá misneach ag a lucht leanúna go mbeidh bua éasca acu Dé Sathairn.
Tá bainisteoir Cardiff Matt Sheratt anois i gceannas ar an Bhreatain Bheag ar bhonn sealadach tar éis a d’fhág Warren Gatland i ndiaidh 14 chluiche a chailliúint as a chéile.

Ach thug bainisteoir ionsaithe na hÉireann Andrew Goodman le fios go bhféadfadh sé inspioráid a thabhairt don fhoireann atá in ísle brí.
‘Tabharfaidh sé buntáiste agus fuinnimh ar leith don ghrúpa agus tá ard-mheas ar an mbainisteoir thall ansin,’ a dúirt sé faoin Bhreatain Bheag.
‘Tá jab maith déanta aige le Cardiff agus a stíl imeartha, baineann sé úsáid as an liathróid go maith.
‘Beidh cúpla cleas réitithe chun cur isteach orainne. Déarfainn go mbeidh sé in ann cúpla imirt dheas a chur le chéile i gceann seachtain go leith le cur isteach ar ár gcosaint.’
Ach má thagann borradh le bainisteoir nua ag an Bhreatain Bheag, d’fhéadfadh sé seo cur isteach ar na hÉireannaigh dar le Goodman. Ag an am céanna tá líomhaintí á dhéanamh go bhfuil na meáin in Éirinn sotalach agus iad ag déanamh anailíse ar an gcluiche, rud a ghoileann go mór ar mhuintir na Breataine Bige.
‘Tharla sé cheana,’ a dúirt Goodman. ‘Cinntíonn sé nach mbeimid ró-réchúiseach agus go mbeidh imní éigean orainn.’
Ach níor éirigh go ró-mhaith le hÉirinn sa Bhreatain Bheag le blianta beaga anuas. Níor éirigh leo ach bua amháin sa chraobh a fháil i gCardiff ó 2013, agus tháinig sé sin i 2023.

Deimhníodh freisin nach mbeidh captaen na foirne Caelan Doris ar fáil don chluiche in aghaih an Bhreatain Bheag de bharr go bhfuil a ghlúin gortaithe.
Ach tá muinín ar Goodman agus foireann na hÉireann go mbeidh Doris ar fáil don chluiche i gcoinne na Fraince i mBaile Átha Cliath ar an 8ú Márta.
Ní bheidh Ronan Kelleher ar fáil freisin an deireadh seachtain seo agus a mhuineál gortaithe, ach ar a laghad Dan Sheehan agus Gus McCarthy ag teacht ar ais.
Níl biseach tar éis teacht ar Thadhg Furlong áfach agus mar sin beidh Finlay Bealham ina áit.
Beidh Joe McCarthy ar fáil freisin agus é níos fearr tar éis a cheann a ghortú i gcoinne Shasana.
Deimhníodh le déanaí freisin go mbeidh Éire ag filleadh ar Soldier’s Field i Chicago Mí na Samhna chun aghaidh a thabhairt ar an Nua-Shéalainn arís.
Seachtain dár gcionn imreoidh siad i gcoinne na Seapáine san Aviva sula dtabharfaidh siad aghaidh ar an Astráil agus an Aifric Theas.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.