Dáithí agus Rita: Tháinig bláth ar a grá tar éis féile Rós Thrá Lí

12/02/2025

Agus Rita Talty ag cur tús le haistear nua is cuimhin linn mar a tháinig sí agus Dáithí Ó Sé le chéile le cabhair ó na meáin shóisialta

Tá Rita Talty tar éis tacú le Dáithí Ó Sé ar feadh na blianta, mar bhean chéile, mar pháirtí agus mar mháthair dá mac. Mar sin féin tá seans aici féin anois clú agus cáil a bhaint amach.
D’fhógair Rita go mbeidh sí ag cur tús le haistear nua agus é socraithe aici fiontar ghnó nua a sheoladh.

Ghlac Rita páirt san fhéile Rose of Tralee i 2008 agus rinne an Meiriceánach ionadíocht ar New Jersey sa chomórtas.

Dáithí agus Rita
Dáithí agus Rita

Ach tá sí anois ag seoladh seirbhís ríomhaireachta le cúnamh a thabhairt do dhaoine le gnólachtaí obair cléireachais a dhéanamh.

Agus í ag breathnú ar an obair a bhí ar siúl ag Daithí, tá neart foghlamtha ag Rita agus tá súil aici gur féidir léi é seo a roinnt le daoine eile.

Dúirt Rita: ‘Tar éis blianta a chaitheamh ag obair sa chúlra le Daithí, tá sé in am an gnó a leathnú.’

Tá mac amháin 10 bhliain d’aois ag Rita agus Daithí, Mícheál Óg. In agallamh leis an iris RSVP i 2022, dúirt Dáithí: ‘Tá triúr againn. Is buíon beag muid agus ní bhíonn fonn ort dul áit éigean gan duine ón mbuíon sin in éindí leat.

‘Ní rachaimid áit ar bith eile ar feadh oíche nó deireadh seachtaine gan ár mac mar níl sé sin ag teastáil uainn.’

Dúirt Dáithí gur chuidigh na meáin shóisialta leis caidreamh a thosnú le Rita agus siad in ann coinneáil i dteagmháil lena chéile nuair a bhí sí ina cónaí i Meiriceá.

Daithi o se VIP

‘Ansin bhí mé i Meiriceá i 2010 ag déanamh seó le TG4. Bhíomar i Nua Eabhrac agus bhí lá saor againn agus ansin sheol mé teachtaireacht chuici agus chaitheamar dhá lá lena chéile.

‘Ansin bhí lá saor aici nuair a bhíomar ag obair i Washington DC agus tháinig sí ar cuairt,’ a dúirt Dáithí

‘Tar éis é sin, chuamar go Florida agus bhíomar ag obair ann. Chuaigh an criú abhaile ach chuaigh mise go Nua Eabhrac ar feadh sé lá. Ansin bhog sise thall anseo.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram