

Léiríonn suirbhé ar ionsaithe ar mhúinteoirí i mbunscoileanna go bhfuil leibhéal ard fadhbanna sóisialta ag teacht chun cinn i seomraí ranga le leanaí an-óg.
De réir an eolais nua ghlac 404 múinteoir agus cúntóir riachtanais speisialta am saor mar gheall ar ionsaithe ar scoil i 2024.

Chomh maith leis sin is i mbunscoileanna a tharla 97% de na hionsaithe, sé sin 391 cás.
Taispeánadh agus rinneadh anailís ar na figiúirí ar 7 Lá ar TG4 oíche Mháirt.
Bhí méadú 64% ar líon na múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta a ghlac am saor ón obair mar gheall ar ionsaithe i scoileanna idir 2022 agus 2024.
Ghlac 106 múinteoir bunscoile agus 285 cúntóir riachtanais speisialta am ón obair i 2024.
Léirigh suirbhé a rinneadh ar son an Chumainn Múinteoirí Éireann (Irish National Teachers’ Organisation, INTO) anuraidh gur cúis mhór imní í an méadú atá tagtha ar ionsaithe fisiciúil atá múinteoirí ag fáil i mbunscoileanna.
De réir tuairisc ón cheardchumann, maidir leis suirbhé, Primary Teachers’ Exposure to Physical Aggression, tá fadhb mhór ag an gcóras oideachais le hionsaithe.
Deir an tuairisc go léiríonn sé sin géarchéim níos doimhne atá ann i seirbhísí teiripeacha agus meabhairshláinte do leanaí agus do theaghlaigh ar fud na tíre agus tá an ghéarchéim seo le feiceáil sna bunscoileanna.
As an 440 rannpháirtí a ghlac páirt sa suirbhé, dúirt 255 acu siúd sa suirbhé go ndearnadh ionsaithe fisiciúla orthu ach níor chláraigh ach 6% acu do ‘assault leave’, rud a dúirt an INTO go bhfuil laigeacht ag baint le tacaíocht seirbhísí do mhúinteoirí.
‘Is í fírinne an scéil gurb í an scoil anois an soláthraí seirbhíse sláinte agus teiripí de facto ag leanaí, ról nach bhfuil siad leagtha amach le haghaidh, ullmhaithe chuige ná á maoiniú le n-aghaidh.’
I ráiteas ón Roinn Oideachais, dúradh:
‘Tá grúpa oibre bunaithe ag an Roinn chun treoirlínte a fhorbairt do scoileanna le súil iompar dúshlánach a chosc agus a bhainistiú, nuair atá an baol ann go dtarlódh díobháil fhisiciúil tromchúiseach don duine féin nó do dhaoine eile mar gheall ar an iompar sin laistigh de thimpeallacht na scoile.
‘Is é an bord bainistíochta a fhostaíonn múinteoirí agus baill fhoirne eile scoile.
‘Is é an bord bainistíochta atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht na foirne. Ní fhostaíonn an Roinn múinteoirí ná cúntóirí riachtanas speisialta i scoileanna.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.