An DUP ag cur teorainn le tacaíocht don Ghaeilge sna 32 contae

Tá cruinniú géarchéime á reáchtáil chun tograí Gaeilge, ar an dá thaobh den teorainn, a shábháil mar go bhfuil polaiteoirí an DUP ag diúltú aontú ar mhaoiniú. Tuairisc: Bill Breathnach

Tá polaiteoirí de chuid an DUP ag cur cosc ​​ar infheistiú sa Ghaeilge i ngach ceann de na 32 contae in Éirinn agus tá an scéal chomh dona sin go bhfuil go leor tionscnamh Gaeilge á fhágáil gan tacaíocht airgid.

Mar gheall ar sin tá ‘Tionól Géarchéime’ á eagrú Dé Máirt le córas maoinithe Fhoras na Gaeilge a phlé.

Fógraíodh ag tús na míosa go mbeidh ciorruithe €817,845 ar mhaoiniú na heagraíochta tras-teorainne a chuireann airgead ar fáil do thionscnaimh Gaeilge.

Céad Aire Michelle O’Neill ó Shinn Féin agus Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly ón DUP
Céad Aire Michelle O’Neill ó Shinn Féin agus Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly ón DUP

I measc na dtionscadal nach mbeidh maoiniú ar fáil dóibh de bharr na gciorruithe atá fógartha, beidh:

an feachtas feasachta Creidim Ionat, Séala an Aistriúcháin agus an Corpas Foclóireachta.

I measc na scéimeanna a bheidh á gcur ar ceal beidh: an Scéim Tacaíochta Gnó agus Scéim na bhFéilte Glaoch 2 a gcuireann feilte ar siúl sa dara leath den bhliain.

Meastar freisin go mbeidh ciorruithe á déanamh ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon, Scéim na gCompántas Drámaíochta, Scéim na n-Imeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh, scoláireachtaí do mhic léinn ollscoile, Scéim na gCeanneagraíochtaí agus Scéim na Meán.

Tá an chuma ar an scéal chomh maith go gcuirfidh na ciorruithe seo isteach ar eagraíochtaí cosúil leis na Cultúrlainne i nDoire agus Béal Feirste, Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Conradh na Gaeilge é féin.

De réir an tsocrú atá ann, caithfidh an rialtas ó dheas 75% de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a chur ar fáil agus cuireann Stormont an 25% eile ar fáil.

Ach cé go bhfuil níos mó airgid ar fáil ó Bhaile Átha Cliath, caithfidh Roinn na bPobal ó thuaidh – atá faoi smacht an DUP –  aontú le hathruithe a bhaineann leis na céatadáin seo.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn: ‘Is léir go mór dúinne anois go bhfuil Foras na Gaeilge briste mar struchtúr éifeachtach maoinithe chun maoiniú a mhealladh ón dá stát faoi na cúinsí reatha, córas atá ag fágáil níos maoinithe, agus ciorraithe i bhfeidhm ar ghrúpaí ar an talamh.’

Táthar ag súil gur féidir an córas maoinithe tras-teorainne a athrú nó go bhféadfadh Rialtas na hÉireann maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh áirithe mura bhfuil sé mar chumas ag an bhForas é seo a dhéanamh.

Baineann na ciorruithe seo le heaspa comhaontú faoi chóras maoinithe An Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

De réir an socrú atá ann, caithfidh an rialtas ó dheas 75% de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a chur ar fáil agus cuireann Stormont an 25% eile ar fáil.

Ach cé go bhfuil níos mó airgid ar fáil ó Bhaile Átha Cliath, caithfidh Roinn na bPobal ó thuaidh – atá faoi smacht an DUP –  aontú le athraithe a bhaineann leis na céatadáin seo.

Tá sé ráite ag Sinn Féin go bhfuil múnla maoinithe nua agus ‘comhionann’ ag teastáil le go mbeadh eagraíochtaí inmharthanach agus chuir an páirtí an milleán ar an DUP.

D’eisigh Conradh na Gaeilge ráiteas an tseachtain seo caite freisin ag rá go bhfuil ‘cros iomlán’ ag an DUP ar cistíocht na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Ag labhairt di i dTionól an Tuaiscirt, d’iarr an feisire Emma Sheerin ó Shinn Féin ar an leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly athraithe a chur i bhfeidhm maidir leis an gcóras maoinithe le go mbeadh an rialtas ó dheas níos mó airgid a chur ar fáil.

Mar fhreagra, dúirt Little-Pengelly as an DUP ‘nár aontaigh’ sí leis an moladh seo agus go mbíonn ‘cothromaíocht’ ag teastáil maidir leis an maoiniú a thugtar d’eagraíochtaí Thuaidh/Theas.

In ainneoin seo, dúirt urlabhraí ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta ó dheas nach bhfuil cinneadh deiridh déanta maidir le buiséad Fhoras na Gaeilge agus go ndéanfar dearbhú san Earrach faoi.

Dúirt an Roinn freisin go bhfuil ‘cainteanna’ fós ar siúl idir an Roinn Airgeadais ó dheas agus Roinn na bPobal ó thuaidh maidir leis an gcóras maoinithe atá ann d’eagraíochta tras-teorainne.

Áfach, tá Gordon Lyons, Aire de chuid an DUP, i gceannas ar chúrsaí teanga sna Sé Chontae is beag baol go dtiocfaidh forbairt ar na cainteanna seo.

Dúirt Roinn na Gaeltachta freisin go bhfuil socruithe déanta acu ‘le hinfheistíocht suntasach a dhéanamh ar thionscnaimh áirithe atá faoi bhráid Fhoras na Gaeilge agus a gceanneagraíochtaí chun dul i ngleic leis na dúshláin airgeadais seo.’

Tá sé ráite comh maith ag príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, ‘go ndéanfar gach iarracht cosaint a dhéanamh ar eagraíochtaí a chuireann fostaíocht, scéimeanna oideachais agus tionscnaimh ar fáil.’

Dúirt sé freisin go ndéanfar teagmháil le heagraíochtaí Gaeilge an tseachtain seo chugainn le na cinntí maidir le ciorruithe a dheimhniú.

Bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999 de sholáthair Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí sé mar aidhm ag an eagraíocht an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann.

Áfach tá meath tagtha ar bhuiséid Fhoras na Gaeilge le scór bliain anuas, in ainneoin ardú praghsanna sa ngeilleagar.

I 1999, bhí buiséad €17.2 milliún ag an eagraíocht ach tháinig titim 5.2% ar an uimhir seo thar thréimhse 20 bliain. I 2022, bhí buiséad €16.3 milliún ag Foras na Gaeilge.

Deir gníomhairí go dtaispeánann sé seo go bhfuil an córas maoinithe ina phraiseach agus nach gcloíonn sé le fís Chomhaontú Aoine an Chéasta.

  • Beidh an cruinniú ar siúl ag 12 a clog meán-lae in oifigí an cheardchumainn Unite ar Shráid na Mainistreach i mBáile Átha Cliath.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram