Mumba v Skehan: An Eurovision, Babhta a Dó: An raibh na breithiúna drochbhéasach?

10/02/2025

Cháin Samantha Mumba an painéal moltóireachta a roghnaigh amhrán Eoraifíse na hÉireann, ag rá go raibh an cáineadh ‘drochbhéasach’. Ach tá freagra tugtha ag breitheamh amháin, an cócaire cáiliúil Donal Skehan

Rinne Samantha Mumba comhghairdeas le EMMY as comórtas Eoraifíse na hÉireann a bhuachan lena hamhrán Lakia Party. Ach tá an bua millte ag coimhlint sa chúlra.

Chuir Mumba agus Donal Skehan i leith a chéile nár chaith siad le daoine eile le meas.

Tar éis do Mumba a rá go raibh na moltóirí ‘rude’ agus ‘vile’ leis na hiomaitheoirí ar fad’ d’fhreagair Skehan ag rá: ‘Ní maith an rud é caitheamh síos ar dhaoine eile.’

Samantha Mumbaibh
Samantha Mumba

Idir an dá linn, dúirt go leor tráchtairí gur cheart go mbeadh an comórtas buaite ag Mumba. Fágfaimid é sin faoi léitheoirí ExtraG.ie.

Is féidir cinneadh a dhéanamh agus tá an dá amhrán nasctha leis an bpostáil seo.

Mar sin féin, cérbh iad na breithiúna?:

  • An cóiréagrafaí agus an breitheamh Dancing with the Stars Arthur Gourounlian;
  • An craoltóir le 2FM Laura Fox;
  • An cócaire agus láithreoir teilifíse Skehan;
  • Agus Bambie Thug, a rinne ionadaíocht d’Éirinn ag Comórtas Amhrán Eoraifíse na bliana seo caite.

Thosaigh an choimhlint nuair a cheistigh Mumba an painéal breithiúna.

Dúirt sí nach raibh na dintiúir (credentials), an taithí ná an ghairmiúlacht riachtanach ag an bpainéal, seachas Bambie, a bhfuil meas aici uirthi.

Agus dúirt sí freisin go raibh siad ‘drochbhéasach agus gránna leis na hiomaitheoirí ar fad’.

D’fhreagair Skehan, ag diúltú do na héilimh sin.

Maidir leis an gceist faoi chócaire móréilimh teilifíse a bheith ina bhreitheamh ar chomórtas amhránaíochta bhí sé seo le rá aige:

‘B’fhéidir go mbeadh sé éasca mé a dhiúltaigh mar ‘cócaire teilifíse’ ach thosaigh mo ghairm bheatha sa cheol.

Donal Skehan
Donal Skehan

‘Bhí dhá singil agam ar Uimhir a hAon in Éirinn le mo bhanna, Industry, agus bhí mé le ceoltóirí a thug tacaíocht de JLS agus The Pussycat Dolls, agus bhí mé san iomaíocht in Eurosong i 2008.’

Seans go meabhraíonn lucht leanúna gur chaill Donal do Dustin an Tuirc i 2008.

Ag labhairt dó faoi na moltóirí i gcoitinne, dúirt Skehan: ‘Roghnaíodh gach duine againn mar gheall ar ár dtaithí, ár léargais agus ár bpaisean don Eurovision.

‘Bhí gach duine ar an bpainéal sin dáiríre faoin ról agus chuaigh siad i ngleic leis an oíche le cineáltas, le hionracas agus le meas ar na healaíontóirí.’

Ina post Instagram, rinne Mumba comhghairdeas freisin le EMMY, atá 24 bliain d’aois. Scríobh sí: ‘Go n-éirí an t-ádh leis an EMMY iontach. Cuir an bhratach ar foluain le do thoil agus bí bródúil as san Eilvéis (Swizerland)!’

Cé gur scóráil Mumba, atá 42 bliain d’aois, go maith leis na Breithiúna Éireannacha agus Idirnáisiúnta ar an oíche, ní raibh vóta an phobail ina fabhar agus tháinig sí sa dara háit ar deireadh leis an vóta teilifíse.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram