Tá sé ráite ag réalta Riverdance, Michael Flatley, gur tugadh rabhadh dó gan náire a chur ar dhamhsa Gaelach nuair a bhí sé ar stáitse ag an Eurovision i 1994.
Go deimhin bhí an oiread sin tóir ar an seó damhsa go nglactar leis anois mar an gníomh is cáiliúla i gcomórtas na bliana sin.
Ar an oíche, i ndiaidh léiriú Riverdance, d’fhógair Terry Wogan, a bhí ina láithreoir leis an BBC: ‘Níl Éireannach anseo nach bhfuil a chuid ribí ina seasamh ar a mhuineál’.
Is é an rud nárbh eol, áfach, ná go raibh daoine imníoch faoi Riverdance, agus iad ag dul ar stáitse le rince neamh-chaighdeánach a sháraigh rialacha dochta (strict rules) maidir le cad a bhí inghlactha (acceptable).
In ionad colainn dolúbtha (rigid body), agus airm á gcoimeád ar a thaobh, léim Flatley ar an stáitse i mBaile Átha Cliath lena lámha san aer.
Go híorónta, ba é sin stíl thraidisiúnta an rince Ghaelaigh sular tugadh isteach na rialacha dochta.
Agus é á cheiliúradh Riverdance, atá 30 bliain d’aois an tseachtain seo, dúirt Flatley, atá 65 bliain d’aois anois, le BBC News: ‘Sula ndeachaigh mé ar stáitse, tháinig siad chugam in aice leis an stáitse agus dúirt siad:
“Le do thoil… tá glaonna á bhfáil againn ó na múinteoirí damhsa ar fad.
“Le do thoil, ná cuir do chuid arm thart, tá tú chun náire a tharraingt orainn thar an domhan mór.
“Mar sin, an féidir linn ceist a chur ort an uair seo, cibé rud a tharlaíonn, an féidir leat do lámha a choinneáil síos?” Agus ní dúirt mé: “Ní féidir” .’
Tháinig cáil ar Riverdance agus an stíl rince ar fud an domhain, agus dúirt Flatley, a d’oibrigh mar thógálaí sna Stáit Aontaithe, go raibh sé níos fearr ná mar a d’fhéadfadh sé a shamhlú.
‘Rinneamar é. Mo bhrionglóid. Ar feadh na mblianta, bhí mé ag obair ar láithreáin tógála (building sites) i Chicago,’ a dúirt sé.
‘Le linn an gheimhridh sin, bhí na céimeanna sin á gcruthú agam, i mo stíl rince, i m’intinn an t-am ar fad.’
Tháinig rath ar Flatley tar éis tús deacair sa saol nuair a bhí sé ag brionglóid a bheith ina dhamhsóir.
‘Rinneadh bulaíocht orm ar scoil, mar sin tuigim na fadhbanna sin,’ a dúirt Flatley.
‘Má bhreathnaíonn tú ar ár ndamhsóirí anois i Lord of the Dance, tá na fir tógtha chomh cumhachtach sin, tá siad tógtha go leibhéal iomlán nua.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.