Eurovisions malartach (alternative) á n-eagrú mar agóid i gcoinne rannpháirtíocht Iosrael 

13/04/2024

Tá méadú ag teacht ar thacaíocht do bhaghcat (boycott) an Eurovision i measc ealaíontóirí in Éirinn agus ar fud an domhain 

Tá cáineadh an Chomórtais Amhrán Eoraifíse (Eurovision Song Contest) ag dul i méid mar nach bhfuil cosc ar Iosrael, ar an mbealach céanna is a bhí cosc ar an Rúis. 

Tá méadú tagtha ar an éileamh atá ag impí ar cheoltóirí baghcat (boycott) a dhéanamh ar an Eurovision. 

Cé go bhfuil an comórtas ar siúl sa tSualainn tá dhá cheann de na réaltaí pop is mó sa tSualainn, Robyn agus First Aid Kit, tar éis litreacha oscailte a shíniú ag impí ar Iosrael a chur ón gcomórtas. 

Beidh Bambie Thug sa Eurovision
Beidh Bambie Thug sa Eurovision

Tá níos mó ná 16,000 síniú bailithe ag eagraíocht nua-bhunaithe, Ealaíontóirí Éireannacha don Phalaistín (Irish Artists for Palestine), ag éileamh go rachadh Eurovision ar aghaidh gan Iosrael. 

Agus tá lucht leanúna an Eurovision a dhiúltaíonn fanacht ina dtost faoin ionsaí Iosraelach ag eagrú a n-imeachtaí malartacha (alternative events) féin. 

I gCorcaigh, beidh oíche amuigh faoin aer ar siúl i lár na cathrach an mhí seo chugainn. 

Cé go mbeidh ionadaí na hÉireann sa chomórtas oifigiúil, Bambie Thug, ag seinm ag an Malmö Arena sa tSualainn ar an 11 Bealtaine, beidh teach draig Mockie Ah i gCorcaigh ag óstáil cabaret agus oíche chlub ‘Queens for Palestine’ sa Pavilion. 

Eagraíodh an ócáid tar éis glaonna ón ngrúpa Cork Palestine Solidarity baghcat a dhéanamh ar an Eurovision mar gheall ar rannpháirtíocht Iosrael. 

Tá iarrtha acu ar dhaoine ar fud na tíre imeachtaí eile a eagrú ar an oíche chéanna leis an gcomórtas. 

Dúirt urlabhraí do Mockie Ah: “I bhFeabhra 2024, rinneamar an cinneadh ár dtaispeántais bhliantúla Eoraifíse a chur ar ceal mar theip ar an EBU Iosrael a bhaint den chomórtas.

‘Cé gur oíche thábhachtach í an Eurovision dúinne agus go leor den LGBTQIA pobail, seasaimid leis an bPalaistín agus a gcuid glaonna ar bhaghcat.’ 

Tá brú idirnáisiúnta ar lucht eagraithe an Eurovision chomh láidir sin gur bhraith an eagraíocht go raibh uirthi freagra a thabhairt.

D’eisigh siad ráiteas ag rá go raibh ciapadh á dhéanamh ar ealaíontóirí atá ag glacadh páirte. 

Mar sin féin, deir lucht agóide, atá ag iarraidh baghcat ar Iosrael, gur chuir an EBU an Rúis as, mar go raibh droch-cháil á tabhairt aige ar an gcomórtas, ach nach bhfuil an rud céanna á dhéanamh acu le hIosrael. 

Rinne Bambie Thug, iontrálaí na hÉireann, an pointe seo in agallamh sular roghnaíodh í don tír seo. 

Dúirt siad, ‘Cén fáth ar cheart riail amháin a bheith ann don Rúis agus riail eile d’Iosrael?’ 

Mar sin féin, deir Bambie Thug anois go mbainfidh siad úsáid ‘as ár n-ardán chun teacht le chéile agus glaoch ar an tsíocháin’. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram