An mbeidh orainn íoc as na Sé Náisiún (Six Nations) ar an teilifís?

28/01/2025

Baol ann go ngearrfar táillí ar chraoladh na Sé Náisiún agus tuairiscíodh go bhfuil TNT Sports sásta tairiscint €120 milliúin a dhéanamh

Tá imní ann go bhféadfaí táillí a ghearradh ar chraoltóireacht na Sé Náisiún ó 2026 ar aghaidh, agus TNT Sports ag lorg cearta teilifíse an chraobhchomórtais de réir tuairiscí.  

Beidh iomaíocht ann do chearta craoltóireachta sna míonna romhainn, agus tuairiscíodh go bhfuil an comhlacht Briotanach – atá faoi úinéireacht Warner Bros – sásta tairiscint €120 milliúin a dhéanamh.

Ciallaíonn sé seo go bhféadfaí stad a chur le craoltóireacht na Sé Náisiún ar sheirbhísí saor in aisce don chéad uair riamh i stair an chomórtais agus go mbeadh síntiús de dhíth le breathnú air.

Tá an stádas maidir le saorchraoladh chluichí na hÉireann sna Sé Náisiún ‘curtha siar’
Tá an stádas maidir le saorchraoladh chluichí na hÉireann sna Sé Náisiún ‘curtha siar’

Roinn RTÉ agus Virgin Media na cearta craoltóireachta don chomórtas eatarthu le ceithre bliana anuas, le margadh déanta ar luach €28 milliúin de réir mar a chreidtear.

Ba iad na cluichí rugbaí idirnáisiúnta le foireann na hÉireann na cláir a tharraing an lucht féachana is mó ar Virgin Media anuraidh.

Bhí lucht féachana 1.07 milliúin ann don chéad chluiche a d’imir Éire i gCraobh na Sé Náisiún i gcoinne na Fraince Mí Feabhra seo chaite.

Ba é seo an lucht féachana teilifíse is mó a bhain an craoltóir amach i rith na bliana ar fad, agus líon 65% den mhargadh faighte acu.

Ar RTÉ, níor éirigh le clár ar bith seachas an Late Late Toy Show cluichí na hÉireann i gCorn Domhanda an Rugbaí a shárú ó thaobh méid an lucht féachana de i 2023.

Tá lucht na craoltóireachta in ann tairbhe a bhaint as an rugbaí fós, ach le hardáin sruthaithe anois ar an bhfód, tá tairiscintí níos luachmhaire le fáil.

Tá TNT tar éis tabhairt faoin rugbaí cheana, agus craoltóireacht déanta acu ar Chraobhchomórtas Shasana le déanaí agus cearta do Shraith an Fhómhair a shlánaithe acu Mí Shamhna seo caite.

Anuraidh, d’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt Catherine Martin liosta de 14 mórimeacht spóirt, Craobh na Sé Náisiún ina measc, agus é molta iad a choinneáil mar imeachtaí saor in aisce.  

Tá an stádas maidir le saorchraoladh chluichí na hÉireann sna Sé Náisiún ‘curtha siar’, áfach, agus tá an próiséas seo ar siúl fós.

Dé Luain, d’admhaigh TNT Sports go ndéanfaidh stáisiúin teilifíse na hÉireann tairiscint do na cearta craoltóireachta ach níor chur an comhlacht iad féin as an áirimh.

‘Cé go bhfuilimid den tuairim gurb í Craobh na Sé Náisiún an comórtas rugbaí idirnáisiúnta is fearr ar domhain, bheadh rannpháirtíocht linn an-dúshlánach de bharr na páirtíochta tábhachtaí atá ann leis an teilifís saorchraolta go háirithe sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn,’ a dúirt urlabhraí de chuid TNT Sports.

Rinneadh teagmháil le RTÉ freisin maidir le na cainteanna a bheidh ar bun le comhaontú craoltóireachta nua a dhéanamh.

Dúirt urlabhraí ón gcraoltóir stáit, ‘ Tá RTÉ i dteagmháil fós le na Sé Náisiún maidir le na cearta seo.’

Le linn an ama seo, tá stiúrthóir feidhmíochta an IRFU David Humphreys tar éis tacú le Simon Easterby, a bheidh mar phríomh-bhainisteoir sealadach na hÉireann i mbliana.

Chaith iarimreoir na hÉireann seal mar bhainisteoir chúnta ó 2013 nuair a bhí Joe Schmidt agus Andy Farrell i gceannas.

Agus Farrell ag feidhmiú mar bhainisteoir Leon na Breataine agus na hÉireann, tá Easterby ag seasamh isteach dó.

Creideann Humphreys gurb é an fear is fearr le feachtas na hÉireann a sheoladh i mbliana, agus fonn an triú Craobh as a chéile a bhaint amach don chéad uair riamh.

‘Tá taithí aige mar phríomh-bhainisteoir agus níl dabht ar bith go n-éireoidh thar cionn leis in ainneoin an brú a bhainfidh leis’, a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram