

Sé Breanndán Ó Beaglaoich a bheidh mar aoichainteoir Thionól na nDéise de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag Tionól Niocláis Tóibín, a bheidh ar siúl sa Rinn ón 31 Eanáir go dtí 3 Feabhra i mbliana.
Eagraithe ag Oifig na Gaeilge de chuid na Comhairle, beidh ‘Cur ‘s cúiteamh le Breanndán Ó Beaglaoich’ ar siúl i gColáiste na Rinne sa Rinn ar an Satharn seo chugainn, 1 Feabhra ar a 3.30in, agus beidh an ócáid saor in aisce.
Is ceoltóir, amhránaí, taistealaí, gníomhaí agus craoltóir é Breanndán Ó Beaglaoich, a bhfuil cáil air mar bhoscadóir, ach go háirithe.

Tá trí albam aonarach eisithe ag Breanndán, maraon le go leor, leor taifid le grúpaí ar nós Boys of the Lough agus Beginish, The Chieftains agus Glen Hansard.
Tá sé ar an duine is óige de naonúr de chlann Uí Bheaglaoich ó Bhaile na bPoc, Co Chiarraí agus bíonn sé le feiscint go minic ar TG4 ar chláir ar nós Slí na mBeaglaoich, atá á chraoladh faoi láthair, ina dtugann sé féin agus a mhac, Cormac (ceoltóir aitheanta ina cheart féin) camcuairt i veain champála ar fud na tíre.
Clár faisnéise eile dá chuid ba ea The Camino Voyage, a lean Breanndán agus triúr eile i naomhóg bheag déanta in iarthar Chiarraí agus iad ag rámhaíocht feadh cósta iarthar na hEorpa.
Thaistil siad ó Éirinn go dtí A Coruna i nGalicia na Spáinne agus ar aghaidh as sin go dtí Santiago de Compostela.
Chomh maith leis sin ar fad, tá Breanndán gníomhach le blianta fada mar fheachtasóir do chearta mhuintir na Gaeltachta, ar mhaithe le inmharthanacht agus todhchaí theanga agus chultúir na Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú.
Tá an ócáid seo le Breanndán mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad.
Faigh a thuilleadh eolais faoi Thionól Niocláis Tóibín ANSEO:
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.