Tá imní ar imreoirí Man United faoi Amorim, tar éis dó teilifís a bhriseadh le fearg

22/01/2025

Bhí Ruben Amorim, bainisteoir Manchester United chomh feargach agus brónach lena chuid imreoirí go bhfuil imní orthu go bhfuil sé ag cailleadh fuinnimh

Rinne Ruben Amorim damáiste do scáileán teilifíse i seomra feistis Manchester United agus é ar buile lena chuid imreoirí tar éis cailliúint 3-1 in aghaidh Brighton Dé Domhnaigh.

Bhí bainisteoir United ar buile nuair a rinne sé fiosrúchán iar-chluiche ag Old Trafford agus rinne sé an damáiste trí thimpiste.

Ina dhiaidh sin, bhí na himreoirí trína chéile faoin gcaoi a raibh Amorim ‘brónach’ agus ‘deflated’, tar éis an seachtú cailliúint i 15 chluiche ó tháinig sé ó Sporting Liospóin i mí na Samhna.

Deirtear go leanfaidh siad ag tacú le Amorim ach go bhfuil imní orthu nach bhfuil an fuinneamh aige cuidiú le United tús a chur le cluichí a bhuachan arís.

Ruben Amorim
Ruben Amorim

D’fhág Amorin, atá 39 bliain d’aois, an seomra feistis dá preasagallamh iar-chluiche, áit ar chuir sé síos ar a fhoireann mar ‘an ceann is measa b’fhéidir i stair Manchester United’.

Is léir go raibh Amorim ar buile faoin easpa smachta agus thug sé foláireamh do na himreoirí: ‘Bhí gach duine ag athrú áit agus sin rud nach bhfeicfidh mé arís.’

Dúirt Amorim ag an phreasagallamh: ‘Tá sé do-ghlactha an oiread sin cluichí a chailleadh. Is é sin le haghaidh aon chlub Phríomhshraith (Premier League). Mar sin, samhlaigh cad é do Manchester United?

‘Nílim anseo ach chun cabhrú le mo chuid imreoirí, ach caithfimid a thuiscint go bhfuilimid ag briseadh gach droch-thaifead.

‘I 10 gcluiche sa Phríomhshraith, bhuaigh muid dhá cheann. Tá a fhios agam é sin.

André Onana
André Onana

‘Samhlaigh cad é seo do lucht leanúna United. Samhlaigh cad é seo domsa. Tá cóitseálaí nua á fháil againn atá ag cailleadh níos mó ná an cóitseálaí deireanach. Tá eolas iomlán agam air sin.’

Bhí cáil ar Amorim, a raibh ceithre bliana go leith rathúil aige ag Sporting, áit ar bhuaigh sé dhá theideal sraithe sular shroich sé United, a bheith ina chóitseálaí socair agus is annamh a dhéanann sé gearán lena chuid imreoirí tar éis cluiche.

Mar sin féin, bhí Amorim go háirithe buartha faoin mbealach ar chríochnaigh a fhoireann an cluiche Dé Domhnaigh, nuair a thug botún André Onana an tríú cúl do Brighton tar éis 77 nóiméad.

Creidtear gurb é an teilifís damáiste an ceann a úsáidtear chun taicticí a léiriú roimh chluichí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram