

Tá tairiscint de €48 milliún ag Manchester United do Marcus Rashford agus iad ag iarraidh cloí le rialacha airgeadais.
Mar sin féin, tá a fhios ag an gclub nach dócha go mbeidh aon tairgeoirí ann don imreoir peile, atá ina laoch ag go leor daoine taobh amuigh de Manchester United mar gheall ar a thacaíocht do dhaoine bochta agus faoi mhíbhuntáiste.
Is é sin toisc go mbaineann an cinneadh, cosúil le go leor i saol idirnáisiúnta an tsacair na laethanta seo, le gnó agus ní faoin bpeil.

Tá United faoi bhrú airgead a fháil don bhainisteoir nua Ruben Amorim, chun níos mó imreoirí a cheannach.
Agus is ionann díol imreoir a d’fhorbair sa chlub agus brabús 100% ar an gclár comhardaithe (balance sheet).
Téann sé sin i bhfeidhm ar lucht an ghnó agus mar sin, le tamall anuas, táthar ag caint faoi Rashford, atá 27 bliain d’aois, agus daoine eile a chur ar an margadh.
Bheadh an praghas chomh hard le €120 milliún 18 mí ó shin, tar éis dó 30 cúl a scóráil i gcéad séasúr Erik ten Hag.
Ní dhearna Rashford go maith ó shin, áfach, agus is fiú €394,000 sa tseachtain an conradh a shínigh sé anuraidh.
Ciallaíonn sé sin nach bhfuil lucht gnó sásta lena luach ag Manchester United.
Taobh amuigh de Rashford, beidh brú ar United imreoirí den scoth a dhíol, mar Kobbie Mainoo nó Alejandro Garnacho, ach is é sin rud atá siad ag iarraidh a sheachaint.
Cheannaigh Manchester United Leny Yoro, atá 19 mbliana d’aois, ar €55 milliún ó Lille i rith an tsamhraidh.

Feictear é mar réalta na todhchaí agus is imreoir é freisin nach bhfuil siad ag iarraidh a dhíol.
Seachas sin, bheadh Manchester United ag éisteacht le tairiscintí don chuid is mó dá scuad, dá mbeadh an praghas maith go leor.
‘Is é fírinne an scéil go bhfuil gach duine ar díol,’ a dúirt foinse.
‘Tá fonn ar United greim a choinneáil ar roinnt imreoirí a rinne go maith faoi Amorim, mar Bruno Fernandes, Matthijs de Ligt, Amad Diallo, Noussair Mazraoui agus Manuel Ugarte.
‘Beidh Diallo ina ghníomhaire saor i rith an tsamhraidh agus beidh sé in ann labhairt le clubanna lasmuigh de Shasana ón 1 Eanáir, ach tá Manchester United dóchasach go síneoidh sé conradh nua.’
Tá imreoirí eile ar fáil freisin, ach beidh sé deacair iad a dhíol fiú ar phraghsanna atá laghdaithe go mór, mar Antony, Casemiro agus Mason Mount.
Beidh roinnt imreoirí as conradh i rith an tsamhraidh lena n-áirítear Christian Eriksen, Harry Maguire, Victor Lindelof, Jonny Evans agus Tom Heaton.

Is lú an luach atá acu mura dtugann United síneadh 12 mhí dó, i gcás Maguire.
Tá an club ag iarraidh cloí le rialacha na Sraithe tar éis dóibh caillteanais de €363 milliún (£300m) a phostáil le trí bliana anuas.
Chaith Manchester United €242 milliún (£200m) eile freisin ar aistrithe i rith an tsamhraidh agus ní raibh buiséad acu don €26 milliún (£21.4m) breise chun Amorim a chur in ionad Ten Hag.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.