

Tar éis 37 bliain, d’fhógair Bryan Dobson i mí Aibreáin go raibh sé ag éirí as in RTÉ agus ó shin i leith tá sé ag labhairt faoin saol taobh amuigh den Nuacht.

Nuair a d’fhág sé an coláiste, chuaigh Bryan ag obair ar stáisiún raidió bradach (pirate) agus ba i rith an ama sin a bhuail sé le Crea, i 1982.
Thug sé cuairt ar Inis Bó Finne amach ó chósta na Gaillimhe do dheireadh seachtaine Saoire Bainc Lúnasa agus bhuail siad le chéile.
‘Tá teachín saoire ag a tuismitheoirí ar an oileán agus bhí sí ann ag fanacht lena tuismitheoirí agus sin an áit ar bhuaileamar leo,’ a dúirt Dobson.
Ag labhairt dó faoin turas san am a chuaigh thart mheabhraigh Bryan go raibh ‘mo chara in óstán agus mé i bpuball (tent)’.

Phós an lánúin i 1988 i Séipéal Naomh Eoin, Dumhach Thrá, (Sandymount) i mBaile Átha Cliath agus tá beirt iníon acu, Sophie 34 bliain d’aois agus Hannah 31 bliain d’aois.
Ag labhairt dó leis an RTÉ Guide, dúirt Dobson go mbeadh sé ag cleachtadh agallamh a chur ar dhaoine ó bhí sé óg.
Tá téip caiséad fós aige dó féin agus é 13 bliana d’aois ag cur agallamh ar a thuismitheoirí agus a ghaolta.
Mar sin féin, níl a chuid iníonacha an-eolach ar a chuid oibre.
Dúirt Bryan: ‘I rith na mblianta ar fad a rinne mé an Six One News, ceann de na rialacha a bhí ann ná nach raibh an teaghlach ag féachaint ar an teilifís le linn an dinnéir agus tharla sé sin chomh minic sin nach bhfeicfidís mé ar an teilifís.’
Ach admhaíonn Dobson go ndéanfadh sé dearmad uaireanta nárbh iriseoir é nuair a bhí sé sa bhaile.

Ag gáire dúirt sé: ‘Déarfadh m’iníonacha liom “Stop ag cur agallamh orm, a Dhaid” agus b’fhéidir go ndéarfadh Crea ó am go chéile freisin: “Tá tú ag cur agallamh orm anois, Bryan”.’
Ina gcónaí i Portabello i mBaile Átha Cliath, tá beirt chailín Bryan agus Crea tar éis an bhaile a fhágáil anois ach tá ról an-tábhachtach eile ag Bryan… is daideo é.
Tá garmhac dhá bhliain go leith aige agus dúirt sé go bhfuil garpháiste eile ar an mbealach san athbhliain.

Tá siad ag ceiliúradh 36 bliain an phósta. Cad é an bealach is fearr chun pósadh sona a bheith agat?
‘Ná cuir deireadh leis an lá as a chéile, sin é an chéad rud. Críochnaigh gach rud atá ann sula bpacálann tú isteach é don lá.
‘Agus déarfadh Crea, an chumarsáid. Coinnigh leat ag caint faoi rudaí,’ a dúirt Dobson.
Ach níos tábhachtaí fós dúirt sé: ‘Déarfainn: bíodh do shuimeanna (interests) féin agat freisin. Tá roinnt suimeanna éagsúla againn chomh maith le roinnt acu a roinntear.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.