Féach ar Roy Keane ag insint do ‘fan’: ‘Fanfaidh mé leat sa charrchlós!’

25/11/2024

Bhí  achrann idir Roy Keane, a bhí tráth ina bhainisteoir ar Ipswich, le tacadóir (fan) le linn an chluiche i gcoinne Manchester United.

Thug Roy Keane aghaidh go feargach ar thacadóir Ipswich le linn an chluiche sa Phríomhroinn (Premier League) idir Manchester United agus Ipswich.

Bhí tacadóir ag béicíl maslaí air, cúpla nóiméad sula ndeachaigh sé ar aer le Sky Sports.

Dúirt Keane fiú go mbuailfeadh sé leis an bhfear sa charrchlós chun a gcuid difríochtaí a réiteach.

Bhí Keane, atá ina iarbhainisteoir ar Ipswich chomh maith lena bheith ina hiar-réalta do Manchester United, ag fáil treoracha ó léiritheoirí toisc go raibh sé ag trácht ar an gcluiche.

Agus é ag ullmhú chun dul ar ais ar aer ag staidiam Ipswich ag Portman Road, tar éis sos fógraíochta, lean na maslaí ar aghaidh.

Mar sin thosaigh Keane ag tabhairt aghaidh ar bhfear ar leith a bhí ag cur fearg air.

Chuir an laoch Manchester United síos a mhicreafón, chuir sé a lámha ina phócaí agus shiúil sé anonn chuig an tacadóir.

Bhí argóint teannas ann agus dúirt Keane arís agus arís eile leis an bhfear: ‘Buailfidh mé leat sa charrchlós.’

Scairt go leor de lucht leanúna Ipswich maslaí ina threo agus rith fear amháin trasna ag béicíl: ‘F*** you, Keane!’

Bhí Keane treoraithe ar ais ag Jamie Redknapp agus ball d’fhoireann léiriúcháin Sky.

Roy Keane
Roy Keane

Mar sin féin, bhí an chuma ar an tacadóir go raibh sé lán-sásta gur éirigh leis fearg a chur air.

Ansin d’iarr maoir ag an staidiam ar an lucht leanúna a bheith ar a suaimhneas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram