

Dhiúltaigh Paul Mescal éirí as alcól agus toitíní dá ról le Gladiator II – ach chuir sé naoi gcileagram air agus ansin fuair sé réidh leo le linn oiliúna coirp.
Dúirt a thraenálaí go raibh sé ‘ar dhuine de na haisteoirí is tiomnaithe’ ar oibrigh sé leis riamh.
Dúirt traenálaí pearsanta na réaltaí Tim Blakeley gur chuidigh oiliúint CLG le Mescal agus é ag freagairt do dhéine a réimeas matán fhorbairt (muscle-building).

Tá léirmheasanna iontacha faighte ag Mescal dá chéad scannán ‘blockbuster’ riamh, Gladiator II.
Dúirt Blakeley: ‘Tá sé chomh tiomanta dá cheird nach raibh aon saill (fat) choirp aige.
‘Matán a bhí ann ar fad, atá deacair a chailleadh mar tá do chorp ag iarraidh greim a choinneáil air.
‘Bhí sé ar réim bhia agus ó thaobh meabhrach de, is obair chrua é.
‘Tá tú ag iarraidh ar do chorp fáil réidh le fíochán matáin (muscle tissue). Bhí an-spraoi ag baint le Gladiator, ach bhí sé seo an-dúshlánach.’
Tá Mescal tar éis labhairt faoin tionchar a bhí ag na hathruithe móra meáchain ar a chorp, agus freisin faoin gcaoi a raibh sé deacair an méid sin meáchain a chailliúint i dhá mhí.
B’éigean dó an 12 cileagram a chailleadh chun a bheith in The History of Sound, scannán faoi leannán beirt fhear óga a bhí ag taisteal faoin tuath i New England i 1919.
Bhí seisiúin oiliúna roinnte i dtrí ghrúpa ag Mescal do Gladiator II: bhrú, tarraingt, agus cosa.
Rinne sé seisiún 45 nóiméad, cúig lá sa tseachtain. Bhí réim bhia ríthábhachtach freisin.
D’oibrigh Mescal agus Blakeley le príomhchócaire agus cuideachta seachadta bia chun pleananna cothaitheacha (nutritious) béile a chruthú.
Ach dúirt Blakeley: ‘Má chaitheann tú tobac, caitheann tú tobac, agus bhí sé faoi strus mór.
‘Bhí sé ag iarraidh saol sóisialta a choinneáil. Bhí sé sách macánta faoi, rud atá níos fearr ná a beith ag insint bréag, mar ar a laghad tá a fhios agam faoi.
‘Ní raibh sé ró-mheargánta leis an alcól agus ólann sé biotáillí (spirits), mar sin tá sóid vodca nó tonic caol íseal go leor i gcalraí ar aon nós.

‘Dúirt Paul, “Má ólaim, ní íosfaidh mé aon rud dona,” mar sin baineann sé le cothromaíocht.’
Dúirt Blakeley go raibh sé tábhachtach go raibh corp Mhescal cosúil le fear cogaidh seachas mainicín (model).
D’imir Mescal peil idirchontae do Chill Dara agus dúirt Blakeley: ‘D’imir sé peil Ghaelach ag leibhéal ard áit a bhfuil an neart agus an riochtú (strength and conditioning) fíor-dhian.
‘Bhí sé cleachta le hobair chrua agus phioc sé suas go tapa í, bhain sé taitneamh as.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.