

Bhí Kate Cassidy, chailín Liam Payne, agus a iar-chomhghleacaithe in One Direction i measc na gcéad lucht caoineadh ag seirbhís sochraide an amhránaí nach maireann.
Fuair Payne bás ar 16 Deireadh Fómhair tar éis titim ó bhalcóin thríú hurlár in óstán i bpríomhchathair na hAirgintíne, Buenos Aires.

Ina measc siúd a d’fhreastail ar an tseirbhís phríobháideach, a bhí ar siúl ag St Mary’s Church in Amersham, Buckinghamshire, i Sasana, bhí Niall Horan, Harry Styles, Zayn Mailk agus Louis Tomlinson ó One Direction.
Shroich cónra Payne an séipéal ar chóiste marbh le capaill bhána agus é ag iompar bláthanna ag litriú na bhfocal ‘son’ agus ‘daddy’.
Tar éis na seirbhíse, d’iompair ceathrar iompróir an chónra ón séipéal, agus ina dhiaidh bhí a thuismitheoirí agus Cheryl.

Bhí Kimberley Walsh agus Nicola Roberts, comhghleacaithe Cheryl sa bhanna Girls Aloud, i láthair ag an tseirbhís chomh maith.
Agus bhí Simon Cowell ann, a chonacthas ag cur sólás don teaghlach.
I measc na mbláthanna ag an tsochraid bhí ceann i gcruth sraith de bhabhláil deich bpionna (ten-pin bowling), tagairt do cheann de na caithimh aimsire is fearr le Payne.

Bhí na láithreoirí James Corden, Marvin agus Rochelle Humes, Scott Mills agus Adrian Chiles ann freisin.
D’fhan grúpaí daoine áitiúla agus lucht leanúna Payne ar shiúl ón séipéal, mar a d’iarr an teaghlach orthu a dhéanamh.
Mar sin féin, bhailigh siad lasmuigh den séipéal chun meas a thaispeáint faoin amhránaí a bhí 31 bliain d’aois.
Tar éis bhás Payne bhí bigilí ina chuimhne ag lucht leanúna ar fud an domhain, lena n-áirítear scrín (shrine) don réalta ina bhaile dúchais Wolverhampton i Sasana.











• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.