

Tógadh cailín beag chuig an ospidéal le haghaidh máinliachta (surgery) tar éis ionsaí a dhéanamh uirthi ag madra Bulaí XL. ina teach féin, thar an deireadh seachtaine.

D’ionsaigh an madra an cailín, nach bhfuil ach 12 mhí d’aois, ag a teach i gceantar Leic Snámha (Lixnaw) i dtuaisceart Chontae Chiarraí.
Fuair an leanbh máinliacht tar éis an ionsaithe agus tá sí ag téarnamh san ospidéal faoi láthair.
Mar sin féin, táthar ag súil go dtiocfaidh sí slán as a gortuithe.
Scriosadh an madra ó shin agus tá imscrúdú Garda ar an eachtra ar siúl.
Tá éileamh ar mhadraí Bulaí XL a thoirmeasc le blianta fada ach tá sé le tarlú fós.
Cuirfear cosc orthu ar fud na tíre faoi chúinsí áirithe faoi mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo, le cosc iomlán le cur i bhfeidhm san Athbhliain (New Year).

Beidh siad ar an gcéad chineál madra a gcuirfear cosc orthu in Éirinn.
Níor cuireadh cosc ar mhadraí riamh roimhe seo, ach dúradh le húinéirí cloí leis na srianta ar phórtha (breeds) áirithe.
Áiríodh leis na rialacha go gcaithfeadh úinéirí a bheith:
Tagann an t-ionsaí is déanaí seo ó mhadra Bulaí XL i ndiaidh na rudaí a dúirt an Rialtas mar ‘eachtraí a bhfuil imní mhór fúthu le tamall anuas.

Ina measc bhí bás Nicole Morey níos luaithe i mbliana agus ionsaí borb ar bhuachaill óg, Alejandro Mizsan, i gCo. Loch Garman i 2022.
Agus i mí an Mheithimh, 2021, chuir bás Mia O’Connell, a bhí trí mhí d’aois, isteach ar go leor daoine ar fud na tíre.
D’ionsaigh madra í ina teach sa Chlais Mhór (Clashmore), Co. Phort Láirge (Waterford).
Tuigtear gur ionsaigh an madra an naíonán agus í ina codladh ina crib tar éis 2am.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.