

Tá titim 46% ar bhrabúis Ryanair mar gheall ar phaisinéirí ag sábháil a gcuid airgead.
Thit brabús Ryanair go €360 million sa chéad ráithe den bhliain seo, de réir mar a mhéadaigh an trácht 10% go 55.5 milliún paisinéir.

Caithfidh go bhfuil paisinéirí Ryanair ag fáil tuirseach den mhéid a iarrtar orthu a íoc – agus an cuir isteach mór ar dhaoine agus iad ag iarraidh dul ar eitilt.
Sin mar a deir Ryanair ar aon nós agus iad buartha faoi thitim brabúis.
Thit brabús Ryanair go €360 milliún ar feadh an ama sin, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
Ag an am céanna mhéadaigh an trácht 10% go 55.5 milliún paisinéir.
Dúirt Ryanair go raibh fadhbanna freisin le rialú aerthráchta na hEorpa (European air traffic control) a ba chúis le moilleanna eitilte agus le cealuithe (cancellations) thar 10 lá de mhí an Mheithimh seo caite.
Dúirt Príomhoifigeach Airgeadais Ryanair, Neil Sorahan, le Newstalk gur ceathrú mhaith a bhí ann do chustaiméirí.
‘Cé go raibh an trácht láidir … bhí orainn beagán níos mó spreagtha praghais a dhéanamh ná mar a bhí súil againn i dtosach – ach is dea-scéala é don tomhaltóir (consumer).’
Dúirt an tUasal Sorahan go bhfuil daoine fós ag iarraidh taisteal ach go bhfuil siad ag iarraidh níos lú a íoc.
‘Níl aon ghanntanas eitiltí; táimid ag glacadh le leathmhilliún áirithintí (reservations) in aghaidh na hoíche, táimid ag iompar níos mó ná 600,000 duine in aghaidh an lae,’ a dúirt sé.
‘Níl siad ach ag smaoineamh ar na pinginí, níos mó ná mar a bhí siad.
‘Is féidir linn líon mór taistealaithe a fheiceáil ag taisteal ar fud na hEorpa ach tá siad ag íoc níos lú chun é sin a dhéanamh.
‘Tá an straitéis atá againn, le blianta fada anuas, chun na heitleáin a líonadh fós ann, agus tógfaimid cibé praghas atá air.’
Thug an tUasal Sorahan foláireamh freisin, go bhféadfadh ardú praghais a bheith ag Aerfort Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an teorainn do phaisinéirí.

‘D’fhéadfadh Baile Átha Cliath a bheith ina “outlier” suntasach i mbliana le srianta acmhainne, go háirithe sa gheimhreadh,’ a dúirt sé.
‘Táimid ag breathnú go mór ar chás ina bhféadfadh ardú praghas a bheith ann i rith na sosanna meántéarmacha (mid-term breaks), an Nollaig agus imeachtaí spóirt.
‘Is rud é seo a gcaithfidh an Rialtas dul i ngleic leis go práinneach.
‘Is caipín treallach é a cuireadh i bhfeidhm siar i 2007. Níl aon chúis ar bith ann gur chóir go mbeadh sé ann.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.