Beidh muid ar ais ar barr! Gealltanas ó Dan Ashworth, stiúrthóir spóirt nua ag Man Utd

23/07/2024

Tá dóchas ag dul i méid i measc lucht leanúna Man United in Éirinn, le foireann láidir sa chúlra ag Ashworth agus roinnt imreoirí nua

Gheall stiúrthóir spóirt nua Manchester United, Dan Ashworth, nach bhfuil na comhúinéirí nua,  Ineos, chun scíth a ligean go dtí go mbeidh an club ar ais ar barr.

Tá Ashworth, agus na húinéirí nua, ag tabhairt tacaíochta don bhainisteoir Erik ten Hag – ach thug sé rabhadh go gcaithfidh rudaí a fheabhsú.

Dan Ashworth
Dan Ashworth

Mar sin féin, creideann tráchtairí ar nós Oliver Holt san Irish Daily Mail, nach bhfuil an club ach ag tabhairt seans do ten Hag go dtí tús an tséasúir atá le teacht.

Faoi ten Hag bhí Manchester United san ochtú háit sa Phríomhshraith (Premier League) an séasúr seo caite.

Mar sin féin, is cosúil gur thug United isteach cúpla imreoir maith nua, Leny Yoro agus Joshua Zirkzee.

Leny Yoro
Leny Yoro

D’admhaigh Ashworth thit an caighdeán le ten Hag agus a chuid imreoirí an tséasúir seo caite, in ainneoin Corn an FA a bhuachan.

Agus thug sé foláireamh don bhainisteoir agus do na himreoirí go bhfuil rath ar an bpáirc an t-aon tosaíocht atá ag an gclub faoi Ineos.

Chuaigh Ashworth, atá 53 bliain d’aois, isteach i bhfoireann cheannaireachta nua United an samhradh seo ó Newcastle.

Oibreoidh sé in éineacht leis an bpríomhfheidhmeannach Omar Berrada, an stiúrthóir teicniúil Jason Wilcox agus an stiúrthóir earcaíochta eatramhach (interim director of recruitment) Christopher Vivell.

Dúirt Ashworth: ‘Tá sé seo fós ar cheann de na clubanna peile is mó ar domhan, ach ní hé sin an tomhas atá againn.

‘Tá an bhéim ar dhul ar ais le bheith i measc na foirne is fearr ar an bpáirc.

Joshua Zirkzee
Joshua Zirkzee

‘Ní tharlóidh sé thar oíche, ach, in éineacht le hOmar agus a fhoireann ceannaireachta nua, ní bheidh muid ag ligean scíth go dtí go mbeidh sé bainte amach againn,’ a dúirt Ashworth,

‘Tríd Chorn an FA a bhuachan ar bhealach chomh hiontach sin, léirigh ár n-imreoirí agus ár bhfoireann a bhfuil ar a gcumas a dhéanamh.’

Dúirt Ashworth gurb é an dúshlán atá ann na leibhéil sin a bhaint amach i bhfad níos seasta.

‘Is é mo jab, in éineacht le Jason, na struchtúir thacaíochta cearta a chruthú timpeall Erik, an fhoireann agus na himreoirí chun é sin a dhéanamh,’ a dúirt Ashworth.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram