Is deirfiúracha muid anois! a deir Leo Varadkar faoi FG agus FF – ach ainmníonn sé na trí dhifríocht mhóra

18/07/2024

Agus Leo Varadkar ag éirí as an bpolaitíocht míníonn sé conas is féidir le FF agus FG oibriú le chéile chun filleadh ar an rialtas an chéad uair eile.

Tá Fine Gael agus Fianna Fáil ag éirí go gasta lena gcomhpháirtithe mar dheirfiúracha, a dúirt Leo Varadkar.

Chuir iomaitheoirí an Chogaidh Chathartha céad bliain d’aimhleas taobh thiar dóibh chun comhrialtas stairiúil a bhunú don chéad uair, tar éis toghchán 2020.

D’fhógair an tUasal Varadkar an tseachtain seo nach mbeidh sé san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile, tar éis dó éirí as mar Thaoiseach i mí an Mhárta.

Tá Leo Varadkar ag éirí as anois
Tá Leo Varadkar ag éirí as anois

Agus é ag ullmhú an saol polaitíochta a fhágáil ina diaidh, tá sé ráite ag Varadkar, iarcheannaire Fhine Gael, nach bhfuil a pháirtí féin agus Fianna Fáil ‘difriúil’ agus go bhfuil siad ‘ag éirí go gasta mar dheirfiúracha’.

Is TD as Iarthar Bhaile Átha Cliath é Varadkar, atá ag dul as oifig, agus dúirt sé nach bhfuil na difríochtaí idir an dá iar-iomaitheoir ‘an-mhór, sin an fhírinne’.

Dúirt Varadkar: ‘Sílim go bhfuil muid ag éirí níos comhpháirtithe go tapa.’

Sular bunaíodh comhrialtas trí pháirtí leis na Glasaigh in 2020, thacaigh Fianna Fáil le rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael ó 2016 i leith.

‘Tá muid beagnach naoi mbliana le chéile anois, agus sílim go bhfuil seans an-mhaith ann, tar éis an chéad toghcháin eile, go bhfeicfeá comhrialtas eile faoi stiúir Fhianna Fáil agus Fhine Gael, agus b’fhéidir Taoiseach rothlach (rotating) eile,’ a dúirt Varadkar le Today With Claire Byrne ar RTÉ. .

Dúirt sé, áfach, nach bhfuil sé ag súil le teacht le chéile iomlán leis na páirtithe.

‘Uaireanta nuair a chuireann tú dhá pháirtí le chéile, is é an rud a gheobhaidh tú ag an deireadh sin ná páirtí atá níos lú, má tá ciall leis sin,’ a dúirt sé.

‘Agus chonaiceamar é sin roimhe seo leis an Lucht Oibre agus leis Democratic Left nuair a tháinig siad le chéile.’

Is féidir le Leo scíth a ligean ar feadh tamaill anois
Is féidir le Leo scíth a ligean ar feadh tamaill anois

Dúirt Varadkar freisin go bhfuil roinnt difríochtaí ann idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Agus is iad seo na trí cinn is mó:

  1. ‘Is cóir a rá go bhfuilimid beagán níos tiomanta do lánpháirtiú na hEorpa ná mar a bheidís.
  2. ‘Bhíomar níos díograisí faoi chánacha ioncaim a laghdú ná mar a bheidís, níl sé sin le rá go bhfuil siad ina choinne sin.
  3.  ‘Ar thithíocht, is dócha go mbrúimid úinéireacht tí níos láidre ná tithíocht shóisialta; dhéanfaidís é an bealach eile,’ a dúirt Varadkar.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram