

Ní mór d’Éirinn ullmhú le haghaidh aimsir an-te agus dúirt acadúil amháin gurb é an chéad phaindéim eile a bheidh ann.
Measann taighde nua ó eolaithe Ollscoil Mhá Nuad (Maynooth) go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an dóchúlacht go mbeidh drochaimsir ann le deich mbliana anuas.
‘Níl a fhios againn cathain a tharlóidh sé nó cén chaoi go díreach a bheidh sé, ach tá a fhios againn go gcaithfimid a bheith ullamh dó,’ a dúirt an tOllamh Andrew Parnell ó Institiúid Hamilton, Maigh Nuad.

Dúirt sé go bhfuil sé ag súil le teocht chomh hard le 34C sna trí nó cúig bliana amach romhainn, rud a léiríonn chomh práinneach is atá sé don tsochaí ullmhú don aimsir le tonn teaspaigh (heatwave).
‘Beidh imeachtaí tonnta teasa ann, a bheidh fíor-dheacair dúinn maireachtáil tríd,’ a dúirt sé.
Ba í an teocht is airde a taifeadadh riamh in Éirinn ná 33.5°C, i gCill Chainnigh sa bhliain 1887.
Mar sin féin, dhá bhliain ó shin, ar an 18 Iúil, chláraigh stáisiún aimsire Pháirc an Fhionnuisce (Phoenix Park) 33C, an teocht is teo a taifeadadh riamh i réigiún Bhaile Átha Cliath.
Ba é 32°C an leibhéal ab airde roimhe sin agus bhí sé sin i 2006. Mar sin féin, tá aimsir den sórt sin fíor-annamh agus an-deacair do mhuintir na hÉireann déileáil leis.
Creideann sé go bhfuil ‘athrú cultúir’ de dhíth ar Éirinn chun éigeandálaí sláinte, talmhaíochta agus infreastruchtúir a chosc, chun déileáil leis na coinníollacha aimsire.
Meastar sa taighde nua go bhfuil sé 20 uair níos dóchúla anois go sroichfidh Éire 33C uair amháin gach naoi mbliana, i gcomparáid le uair amháin gach 180 bliain, mar a measadh i 1942.
Meastar freisin go sroichfidh Éire 34C uair amháin gach 28 bliain. Seo i gcomparáid le gach 1,600 bliain i 1942.
‘Tá a fhios againn ó thíortha eile, nuair a bhíonn adhaimsir (extreme weather) agat go bhfuil ardú ollmhór ar líon na ndaoine a théann chuig A&E.
‘Cuireann sé isteach go háirithe ar dhaoine leochaileacha,’ a dúirt an tOllamh Parnell.
Thug sé foláireamh freisin faoin tionchar ar thalmhaíocht.
‘Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil muid ag cur na mbarraí (crops) cearta atá frithsheasmhach in aghaidh triomach (drought) agus in aghaidh galair a bhaineann le hathrú aeráide chomh maith,’ a dúirt sé.
Dúirt sé freisin nach bhfuil ‘go leor foirgneamh atá aerchóirithe (air conditioned) ag Éirinn, inar féidir linn daoine a choinneáil fhionnuar’, agus go mbeidh fadhbanna ag bóithre agus rúidbhealaí (runway) aerfoirt le teochtaí arda.
Spreagtar daoine freisin le bheith níos airdeallaí (vigilant) maidir lena gcraiceann a chosaint.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.