

Tá dlí tugtha isteach ag stát i Meiriceá ag rá nach mór na Deich nAitheanta a chur ar taispeáint i ngach scoil phoiblí agus i halla léachta na hollscoile – agus tá níos mó le teacht.
Thug gobharnóir Poblachtach Louisiana Jeff Landry an dlí isteach cé go ndúirt saineolaithe dlí leis go bhféadfadh an Bille a bheith mídhleathach.
D’éirigh grúpaí saoirsí sibhialta níos buartha fós faoin mBille nua, nuair a dúirt an gobharnóir leo nach raibh na Deich nAitheanta mar chuid de rialacha reiligiúin amháin.
Dúirt sé go bhfuil níos mó tábhacht ag baint leo i dtaobh an dlí.
Dúirt sé gur ‘doiciméid bhunúsacha dár rialtas stáit agus náisiúnta’ a bhí iontu.

‘Más mian leat meas a bheith agat ar an dlí,’ ar seisean, ‘ní foláir duit tosú leis an gcéad dhéantóir dlí, Moses.’
Gheall cáinteoirí, lena n-áirítear Aontas Saoirsí Sibhialta Mheiriceá (American Civil Liberties Union) agus an Fhondúireacht um Shaoráil Ó Reiligiúin (Freedom From Religion Foundation), troid dhlíthiúil i gcoinne an dlí, a mheas siad a bheith ‘neamhbhunreachtúil go follasach’.
Ach ag tiomsú airgid Poblachtach i Nashville, dúirt an tUasal Landry: ‘Táim ag tnúth le cás cúirte faoi seo.’
Tá an reachtaíocht mar chuid d’fheachtas níos leithne ag grúpaí coimeádacha Críostaí atá ag iarraidh a chuid smaointe reiligiúnacha a chur chun cinn go poiblí.
Ba mhaith leo cásanna cúirte a spreagadh, a d’fhéadfadh dul go dtí an gCúirt Uachtarach, áit a mbíonn siad ag súil le fáiltiú níos cairdiúla ná mar a bhí roimhe seo.
Agus deir an Bille nach mór na Deich nAitheanta a bheith ar thaispeántas ar póstaer mór lena litreacha i ‘cló mór, atá furasta a léamh’.
Agus beidh siad i ngach seomra ranga phoiblí, ó kindergarten go hollscoileanna stát-mhaoinithe.
Chomh maith leis na Deich nAitheanta beidh ráiteas ag na póstaeir ag cur síos ar an gcaoi a raibh na Deich nAitheanta ‘mar chuid shuntasach d’oideachas poiblí Mheiriceá le beagnach trí chéad bliain’.
Agus caithfidh siad a bheith ann faoi thús na bliana seo chugainn.

1. Is mise an Tiarna bhur nDia; ní bheidh déithe eile agat romham.
2. Ní ghlacfaidh tú ainm an Tiarna do Dhia go neamhbhalbh.
3. Cuimhnigh Lá an Tiarna a choinneáil naofa.
4. Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair.
5. Ní mharóidh tú.
6. Ní dhéanfaidh tú adhaltranas.
7. Ní ghoidfidh tú.
8. Ní dhéanfaidh tú finné bréagach i gcoinne do chomharsa.
9. Ná santaigh (covet) bean do chomharsan.
10. Ní santaigh (covet) cuid do chomharsan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.