

Ghabh gardaí 169 duine as tiomáint ar meisce nó faoi thionchar dhrugaí ar ár mbóithre ag deireadh seachtaine saoire bainc.
Mhéadaigh Gardaí líon na seicphointí agus na veaineanna luais ar fud na tíre mar iarracht líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar ár mbóithre a laghdú.
As an 169 duine a braitheadh as tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí, gabhadh 63 acu laistigh de thréimhse 24 uair, idir maidin Dé Domhnaigh agus Dé Luain.
Faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2018, gearrfar fíneáil uathoibríoch (automatically) orthu agus dícháileofar (disqualified) iad ó thiomáint ar feadh tréimhse áirithe ama.

Léiríonn na figiúirí gur gabhadh tiománaí amháin ar amhras faoi thiomáint ar meisce agus ar dhrugaí gach uair an chloig ó Dhéardaoin, agus gur braitheadh gluaisteánaí ag dul róthapa gach ceithre nóiméad.
I rith an deireadh seachtaine, chuir gardaí sonraí ar na meáin shóisialta maidir le líon na gcionta bóthair.
In eachtra amháin, chonaic gardaí ó stáisiún Gardaí Bridewell i mBaile Átha Cliath tiománaí a raibh coimeádán (container) oscailte alcóil aige.
Ar an Domhnach, stop gardaí i Ros Comáin tiománaí le buidéal fíona oscailte ar an suíochán tosaigh.
Sa Longfort chuir Gardaí stop le carr a bhí ag taisteal ar 136kph i limistéar 50kph.
Dúirt an Cigire Michelle Byrne, ón Aonad Póilíneachta Bóthair Rannáin i Loch Garman agus i gCill Mhantáin, gur ábhar imní iad na figiúirí.
‘Is fachtóir iad luas, drugaí agus alcól i líon na dtimpistí bóthair agus na mbásanna ar na bóithre,’ a dúirt sí.
‘Táimid ag iarraidh ar dhaoine a luas a laghdú… táimid anseo chun a rá le daoine nach bhfuil siad in ann éalú leis,’ a dúirt sí.
Maraíodh cailín sna déaga ar bhóithre na hÉireann thar an deireadh seachtaine fada.

Maraíodh Molly Dempsey, a bhí 15 bliana d’aois, i dtimpiste bhóthair aonfheithicle i mBealach Conglais, Co. Chill Mhantáin (Baltinglass, Co. Wicklow).
Bhí an déagóir ina phaisinéir i gcarr a bhuail timpiste i bPáirc na Sláine (Slaney Park) go gairid roimh 5am maidin Dé Domhnaigh.
Tar éis na heachtra, gabhadh tiománaí an chairr, fear a bhí sna déaga, ar amhras faoi chionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre.
Dúirt an tAire Sóisearach Iompair, Jack Chambers, gur ‘bliain uafásach’ í ar bhóithre na hÉireann go dtí seo.
Mar thoradh ar bhás an deireadh seachtaine, tá líon na mbásanna ar ár mbóithre ar 70 go dtí seo i mbliana – 17 sa bhreis i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i 2023.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.