

Tá iarrtha ag ceannaire cearta daonna na Náisiún Aontaithe Volker Türk go ndéanfaí imscrúduithe ar thuarascálacha ar olluaigheanna (mass graves) in ospidéil Nasser agus al-Shifa i nGaza.
Dúirt oifigigh na Palaistíne go raibh coirp breis agus 300 duine aimsithe acu in ospidéal Nasser.
Níl sé soiléir conas a fuair siad bás nó cathain a cuireadh iad.
Shéan míleata Iosrael na héilimh go ndearna siad na coirp a adhlacadh i olluaigheanna (mass graves).
Dúirt siad, le linn a n-oibríochta míleata san ospidéal i mí Feabhra, go ndearna trúpaí ‘scrúdú’ ar choirp a chuir Palaistínigh faoi thalamh, féachaint an raibh siad ina gcorp gialla (hostages).

Maraíodh níos mó ná 34,180 duine, leanaí agus mná a bhformhór, i nGaza ó thosaigh ionsaithe Iosrael.
Dúirt urlabhraí d’Oifig na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine go bhfuil tuairiscí ó oifigigh na Palaistíne á scrúdú acu go bhfuarthas 310 corp ar thailte ospidéil Nasser, lena n-áirítear 42 a aithníodh.
‘Tuairiscíodh go raibh íospartaigh curtha go domhain (deep) sa talamh agus clúdaithe le dramhaíl (waste),’ a dúirt Ravina Shamdasani le tuairisceoirí sa Ghinéiv.
‘I measc na marbh líomhnaítear go raibh seandaoine, mná agus daoine créachtaithe (wounded), agus fuarthas daoine eile lena lámha ceangailte agus bainte dá gcuid éadaí.’
D’iarr an tUasal Türk go ndéanfaí imscrúduithe neamhspleácha, éifeachtacha agus trédhearcacha (transparent) ar na básanna.
Dúirt sé: ‘Ba cheart go mbeadh imscrúdaitheoirí idirnáisiúnta san áireamh anseo.
‘Tá ospidéil i dteideal cosaint an-speisialta faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta.
‘Agus is coir chogaidh (war crime) é sibhialtaigh, coimeádaithe (detainees) agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a mharú d’aon ghnó.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.