Kingston i rás le bheith réidh don Chlár … nó Luimneach

Ní bheidh réalta iomána Chorcaí Shane Kingston aclaí  do chluiche na seachtaine seo in aghaidh Phort Láirge (Waterford)

Tá réalta iomána Chorcaí Shane Kingston tar éis é féin a chuir as an áireamh sa chluiche ceannais Chraobhchomórtas Iomána Sinsear na Mumhan in aghaidh Phort Láirge (Waterford) an tseachtain seo caite.

Is cosúil, áfach, go bhfuil sé  sin déanta ionas go mbeidh sé aclaí, sláintiúil agus réidh don chluiche mór ina dhiaidh sin, i gcoinne an Chláir.

Mar sin féin b’fhéidir go mbeadh air fanacht go dtí an mhí seo chugainn nuair a imreoidh Corcaigh in aghaidh Luimneach.

Shane Kingston
Shane Kingston

Tar éis na Sraithe, creideann formhór na saineolaithe ar an gcluiche iomána go mbeidh Luimneach agus an Clár ar an dá fhoireann mhóra i gCraobh na bliana seo.

D’fhulaing Kingston gortú hamstring arís. Chuir an gortú sin deireadh leis as an gcluiche i bPáirc Breathnach (Walsh Park) in aghaidh Phort Láirge.

Ina theannta sin, tabharfaidh sé aghaidh ar rás in aghaidh an chloig le bheith sláintiúil go leor le himirt i gcluiche dara babhta Chorcaí, in aghaidh an Chláir ag deireadh na míosa.

‘Tá gortú agam i dteannán m’ioscaide (hamstring) agus mar sin tá mé amuigh le cúpla seachtain anuas agus beidh mé amuigh ar feadh cúpla seachtain eile, mar sin ní raibh mé ag traenáil,’ a dúirt Kingston.

‘Rinne mé é trí seachtaine ó shin ach tá sé tar éis teacht ar ais arís agus mar sin beidh orm a bheith níos cúramaí sna seachtainí atá romhainn.

‘Is cinnte nach mbeidh mé ag an chéad chluiche ach tá súil agam, má éiríonn go maith leis, b’fhéidir go mbeidh mé aclaí don dara cluiche – beidh orm fanacht agus a fheiceáil,’ a dúirt Kingston.

Mar sin féin, mar gheall ar nádúr na gortaithe, creideann go leor gur dócha go mbeidh amlíne níos réadúla ann do Kingston, atá 26 bliain d’aois, teacht ar ais agus imirt don chluiche mór i bPáirc Uí Chaoimh in aghaidh Luimnigh, ar an 11 Bealtaine.

‘Is dócha go bhféadfá féachaint air mar dheis do dhuine éigin eile, bíodh sé ar an bhfoireann nó ar an bpainéal,’ a dúirt sé.

  ‘Agus an iománaíocht ag dul ar aghaidh, feiceann tú níos mó agus níos mó gur faoin phainéil atá sé agus an borradh breise sin á fháil ón mbinse.

‘Níl le déanamh agam ach díriú orm féin anois, sna cúpla seachtain atá romhainn, agus iarracht a dhéanamh mé féin a fháil ar ais don Chraobh, bíodh sé sin An Clár nó Luimneach.

‘Beidh orm a fheiceáil conas a théann sé,’ a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram