

Tá leithscéal gafa ag bainisteoirí sinsearacha ospidéil tar éis ginmhilleadh (abortion) a dhéanamh ar an mbean mhícheart i mbotún tragóideach.
Chuaigh an bhean, a bhí sláintiúil agus ceithre mhí ag iompar clainne, faoi obráid útarach (uterine surgery) ar a dtugtar ‘curettage – rud a chothaíonn breith anabaí (miscarriage), as a dtagann ginmhilleadh – a bhí beartaithe (intended )do bhean eile.
Rinneadh an botún faoin nginmhilleadh in ospidéal i bPrág (Prague), príomhchathair agus cathair is mó Phoblacht na Seice (Czech Republic).

Bhí an bheirt bhan, a raibh oidhreacht na hÁise acu agus nach raibh an tSeicis go maith acu (didn’t speak Czech well), in ospidéal Bulovka, ospidéal teagaisc i bPrág, nuair a tharla an eachtra.
‘Tharla teagmhas díobhálach ag ár gClinic Gínéiceolaíochta agus Cnáimhseachais (Gynecology and Obstetrics Clinic),’ a dúirt urlabhraí don ospidéal le CNN.
‘Mar thoradh ar sháruithe tromchúiseacha agus neamhchomhlíonadh na rialachán inmheánach cuireadh tús le hoibríocht ar othar (patient) a aithníodh go mícheart.’
Dúirt na bainisteoirí: ‘Chuireamar ár leithscéal in iúl don othar agus dá teaghlach ar fad as an eachtra thrua seo agus dhearbhaigh muid di go ndéanfaimid gach rud chun an damáiste a mhaolú oiread agus is féidir agus chun í a chúiteamh (compensate) freisin.
‘Mar ospidéal teagaisc creidiúnaithe, tá rialacha agus nósanna imeachta sainmhínithe go soiléir againn nach mór dár bhfoireann leighis a leanúint gan eisceacht.’
Dúirt an t-ospidéal go bhfuil an fhoireann a bhí i gceist tógtha as dualgas (duties), ar feitheamh fiosrúchán iomlán ar cad a tharla. Dúirt siad go mbeidh daoine aonair faoi dhliteanas pearsanta (held responsible).’
Dúirt leas-chathaoirleach Chumann Míochaine na Seice (Czech Medical Chamber) Jan Přáda gur cheart go mbeadh an fhoireann ar fad i gceist freagrach as an mbotún.
Dúirt Přáda gurbh fhéidir gurbh é an bac teanga (language barrier) ba chúis leis an botún faoin nginmhilleadh.
‘Mura bhféadfadh sí Seicis nó teanga aitheanta idirnáisiúnta a labhairt go maith, d’fhéadfadh ról a bheith aici sin ann,’ a dúirt Přáda.

‘Bíonn aistritheoirí ar an bhfón uaireanta, rud a chuireann casta ar an gcumarsáid freisin.
‘Ní hé seo le rá nár cheart do dhochtúirí déileáil leis, ach go méadaíonn an baol míthuisceana.’
Tá ginmhilleadh, i bPoblacht na Seice, dlíthiúil i gcásanna ar bith go dtí 12 sheachtain iompair, agus is féidir aon chúiseanna leighis a thabhairt mar chúis chomh maith, suas le 24 seachtaine.
‘I gcás mínormáltachtaí marfacha féatais (fatal foetal abnormalities), is féidir ginmhilleadh a dhéanamh ag am ar bith.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.