

Tugann Lá Idirnáisiúnta na mBan deis chun an dul chun cinn atá déanta a mharcáil, ach freisin chun béim a chur ar chailliúint chearta na mban ar fud an domhain, chomh maith le héifeachtaí an fhoréigin agus na mí-úsáide inscne.
Is lá saoire náisiúnta é Lá Idirnáisiúnta na mBan i go leor tíortha. Sa tSín, tugtar leath lá saor ón obair do go leor mná, mar a mhol an Chomhairle Stáit.

Bíonn na mílte imeachtaí ar siúl ar fud an domhain, lena n-áirítear máirseálacha, cainteanna, ceolchoirmeacha, taispeántais agus díospóireachtaí.
Is iad corcra, glas agus bán dathanna Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ciallaíonn corcra ceartas agus dínit. Is ionann glas agus dóchas. Seasann bán don ghlaineacht (purity), cé gur coincheap conspóideach é.
Le 12 mhí anuas, tá mná sa Mheánoirthear, san Afganastáin, san Iaráin agus san Úcráin ag troid ar son a gcearta i measc cogaidh agus foréigin.
San Afganastáin, tá cosc fós ar chailíní atá os cionn aois na bunscoile ó dhul ar scoil ag an Taliban.
San Iaráin tá agóid in aghaidh na rialacha a éilíonn ar mhná a gcuid gruaige a chlúdach, agus tá Narges Mohammadi ag tabhairt aghaidh ar théarmaí fada príosúin mar gheall ar sin.
Tá mná agus cailíní sa tSúdáin á bhfuadach agus á n-éigniú i gceantair atá faoi rialú na bhFórsaí Mear Tacaíochta (Rapid Support Forces, RSF).
Le breis agus céad bliain, tá Lá Idirnáisiúnta na mBan marcáilte ag daoine ar fud an domhain ar 8 Márta.
Cuireadh tús le Lá Idirnáisiúnta na mBan i 1908, nuair a mháirseáil 15,000 bean trí Chathair Nua-Eabhrac ag éileamh uaireanta oibre níos giorra, pá níos fearr agus ceart vótála.
Bliain ina dhiaidh sin, d’fhógair Páirtí Sóisialach Mheiriceá an chéad Lá Náisiúnta na mBan.

Bhunaigh Clara Zetkin, gníomhaí cumannach agus feachtasóir ar son chearta na mban, Lá Idirnáisiúnta na mBan i 1910, ag Comhdháil Idirnáisiúnta na mBan Oibre i gCóbanhávan.
Ceiliúradh an chéad Lá Idirnáisiúnta na mBan i 1911, san Ostair, sa Danmhairg, sa Ghearmáin agus san Eilvéis (Switzerland).
Thosaigh na Náisiúin Aontaithe ag ceiliúradh an imeachta i 1975.
Roghnaíodh an dáta 8 Márta tar éis do mhná na Rúise ‘arán agus síocháin’ a éileamh le linn stailce aimsir an chogaidh i 1917. Ceithre lá isteach sa stailc, b’éigean don tsar éirí as, agus thug an rialtas sealadach ceart vótála do mhná.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.