Tá glóir na mbán ag glacadh seilbh ar Raidió na Life 106.4 FM inniu, Dé Céadaoin, Lá Idirnáisiúnta na mBan agus beidh sé le cloisteáil go dtí sé a chlog an maidin dar gcoinn,.
Rud suimiúil is é inniu 106 bliain ó thús Lá Idirnáisiúnta na mBan, faoi réimse Lenin san Rúis i 1917.
30 uair a chloig de glóir na mban a mbeidh i gceist, mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus ar 30 bliain de Raidió na Life.
Beidh neart éagsúlacht le cloisteáil i rith an 30 uair a chloig seo; cláir ceoil, cláir cainte, cláir grinn.
Beidh clár ceoil mná na hAifraic, clár ceol na mban K-pop agus anime, clár faoin ceoltóir PJ Harvey, ceol beo, chomh maith le seiteanna éagsúla le DJ’s na cathrach, an tír, agus idirnáisiúnta; beidh réimsí éagsúil le chloisteail idir tí, teicnó, hip-hap, tréamh, IDM, DnB, ceol garáiste, agus fiú seit folk, is araile.
Tá mná ag teacht ó Londain agus Corcaigh, agus mixes le bean ón Ollainn atá lonnaithe anseo agus bean eile as Vietnam atá ina chonaí anseo freisin! Tá laochra vinyl Aoife Nic Canna le bheidh linn, chomh maith le Sally Cinnamon.
NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.
Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.
Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.
Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.
Bain triall as!
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.