

Ní ró-fhada anois go gcuirfear tús le Seachtain na Gaeilge le Energia – tráth a ndéanann gach duine le beagán Gaeilge iarracht í a úsáid beagán níos mó.
Anseo in ExtraG.ie leanfaimid orainn ag foilsiú scéalta bríomhara faoin nuacht, spórt agus siamsaíocht, le focail agus abairtí atá chomh simplí agus is féidir, ionas go dtuigfidh an chuid is mó againn le’school Irish’ céard atá ar siúl.

Bainimid úsáid freisin as cúpla focal Béarla i gceannlínte agus idir lúibíní (in brackets) chun níos mó Gaeilge a chur chun cinn.
Mar sin féin, thar na seachtainí atá romhainn beidh cúpla scéal againn faoin nGaeilge agus faoi imeachtaí na Gaeilge chomh maith – díreach le glacadh le spiorad Sheachtain na Gaeilge le Energia.
Ag teacht mar a thagann sé go luath san earrach nuair a mhothaímid go bhfuil na laethanta ag éirí níos faide, níl aon fhadhb ann leis na seachtainí a bheith ag éirí níos faide freisin, mar a tharla i gcás ‘Seachtain’ na Gaeilge le Energia.
Sin an fáth go bhfuil Seachtain na Gaeilge seacht lá déag ar fad anois, ag síneadh ó Dé hAoine 1 Márta go Domhnach 17 Márta, Lá Fhéile Pádraig.
Tugann sé brí iomlán nua do na focail, ‘sineadh fada (long stretch)’
Tá go leor d’fhéilte agus d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia eagraithe cheana féin agus tá grúpaí Gaeilgeoirí ar fud na tíre agus trasna na dtonnta ag eagrú a n-imeachtaí féin.

Tá ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge fógartha cheana féin – agus tá aithne mhaith againn orthu – an láithreoir teilifíse Gráinne Seoige, cruthaitheoir ar líne agus réalta TikTok Kayleigh Trappe agus láithreoir raidió agus teilifíse le RTÉ agus TG4 Aindriú de Paor.
Deir Gráinne Seoige: ‘Tá spiorad na féile láidir agus tá móiminteam ollmhór chun féile na bliana seo a dhéanamh níos bríomhaire ná riamh.’
Arsa Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia: ‘Le linn na féile, táimid ag súil go mór le himeachtaí a fheiceáil á reáchtáil i bpobail ar fud na hÉireann, sa Ghaeltacht, inár mbailte agus cathracha agus níos faide i gcéin. Is deis í Seachtain na Gaeilge le Energia do phobail ar fud na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.