
Ina theannta sin, tá na ceithre chomhlacht cuntasaíochta is mó in Éirinn i measc na ngnólachtaí is mó sa chuid eile den domhan.
Tá láimhdeachas (turnover) bliantúil de thart ar €2 billiún in Éirinn ag na ceithre chomhlacht cuntasaíochta gairmiúla (Deloitte, EY, KPMG, agus PwC).
Go hidirnáisiúnta, tugann siad isteach ioncam de thart ar €190 billiún in aghaidh na bliana. Is é sin chomh láidir is atá an smacht atá acu ar an margadh atá ag méadú i gcónaí le haghaidh a gcuid seirbhísí.

I measc a gcuid seirbhísí cuntasaíochta tá iniúchadh (audit), árachas (assurance), cánachas (taxation), comhairleacht bainistíochta (management consultancy), agus claochlú digiteach (digital transformation).
Tá siad i measc na bhfostóirí is mó sa tír freisin, agus eatarthu tá níos mó ná 13,700 duine ag obair dóibh.
Fuair an grúpa taighde fostaíochta (employment research group) Universum amach go bhfuil na comhlachtaí cuntasaíochta KPMG (tríú), PwC (ceathrú), Deloitte (seachtú), agus EY (ochtú háit) ar fad mar chuid de na 10 bhfostóir is tarraingtí do mhic léinn tríú leibhéal gnó agus eacnamaíocht, mar aon leis na gnólachtaí teicneolaíochta agus dlí, mar sin cé mhéad a íocann siad lena bhfostaithe?

Deloitte
Tá meántuarastal (average salary) de €39,000 ag fostaithe Deloitte in Éirinn, agus meánbhónas de €3,000. Fuarthas na figiúirí go léir ó Payscale.com.
Do chuntasóirí sóisearacha (junior accountants), is é an meánphá ná €26,954, agus íocfar meántuarastal de €27,092 le riarthóir cuntas (accounts administrator).
Mar an gcéanna, is féidir le haturnaetha faoi oiliúint (trainee solicitor) a bheith ag súil le €29,185 in aghaidh na bliana a thuilleamh agus iniúchóirí (auditors) (€25,016) agus leabharchoimeádaí (bookkeepers, 23,904) ar íochtair an scála pá sa chuideachta chuntasaíochta freisin.
Ar an mbarr áfach tá poist mar ailtirí teicniúla (technical architects, €78,708), bainisteoirí tionscadail TF sinsearacha (€85,012), forbróirí sinsearacha Java (€70,678), bainisteoirí sinsearacha cánach (€77,253), iniúchóirí sinsearacha (€83,741), bainisteoirí anailíse (€78,329), agus an stiúrthóir airgeadais (finance director, €99,797).
EY
De réir Payscale, is ag EY atá an meánphá is fearr de na comhlachtaí cuntasaíochta móra in Éirinn, ag €50,000, le bónas de €8,000 ar an meán.
Baineann na sonraí tuarastail is ísle atá ar fáil le poist mar chúntóir cuntas (accounts assistant, €24,311), iniúchóir comhlach (associate auditor) (€26,846), comhordaitheoir oiliúna (training coordinator, €26,484) agus iniúchóir iarchéime (€27,141).
Ach íoctar go han-mhaith leis na feidhmeannaigh shinsearacha. Áirítear leo pá do stiúrthóir teicniúil (€112,189) agus stiúrthóir feidhmiúcháin (€129,005), agus poist bhainistíochta mar bhainisteoir tionscadail ‘IT ’sinsearach (€82,337), bainisteoir tionscadail oibríochtaí (€65,272) agus bainisteoir sinsearach cánach (€82,117).

KPMG
Tuilleann baill fhoirne KPMG Ireland €44,000 ar an meán, le bónais de €4,000 ar an meán.
Ag foirceann íochtair (lower end) an scála, tá pá le haghaidh anailísithe sonraí (data analysts, €27,868), speisialtóirí ‘payroll’ (€29,150) agus iniúchóirí comhlacha (associate auditors, €29,526) faoi bhun €30,000 ar an meán, agus is féidir le hanailísithe slándála (security analysts, €37,894), cuntasóirí airgeadais (€40,131), anailísithe airgeadais (€46,969) a bheith ag súil le níos mó.
Tuilleann cuntasóirí níos sinsearaí (€74,735), comhairleoirí bainistíochta (€69,709), agus bainisteoirí réadmhaoine (property managers, €64,073) pá i bhfad níos airde ná an meánphá tionsclaíoch, áfach, mar a dhéanann formhór na bhfeidhmeannach i gcomhlachtaí cuntasaíochta.
PwC
Sa chomhlacht cuntasaíochta PricewaterhouseCoopers, tuilleann fostaithe €36,000 in aghaidh na bliana ar an meán, le meánbhónas de €8,000.
Is iad na meántuarastail is ísle atá liostaithe ná €27,898 d’iniúchóirí dearbhaithe cáilíochta (quality assurance auditors), €28,004 d’anailísithe sonraí, €30,000 do chuntasóirí comhlacha, agus €31,022 do theicneoirí tacaíochta ‘IT’.
Ar an taobh eile den scála, tuilleann bainisteoirí tionscadail ‘IT’ (€61,084), sainchomhairleoirí bainistíochta (€65,485), agus bainisteoirí iniúchta inmheánaigh (internal auditing managers, €55,149) tuarastail mhaithe, agus tuilleann speisialtóirí comhlíonta (compliance specialists, €45,970) agus anailísithe gnó sinsearacha (€44,703) meántuarastail.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.