

Gortaíodh fear agus déagóir in ionsaí gunna ag forbairt tithíochta i gCo. Chill Mhantáin.
Tharla an eachtra ag Cnocán Bellevue i nDeilgne (Delgany), Co. Chill Mhantáin (Wicklow), go gairid tar éis 4.30pm Déardaoin.
Tógadh fear, atá i lár a 40idí, go dtí an t-ospidéal le gortuithe nach raibh bagairt saoil orthu tar éis dó roinnt créachtaí gunna (gun wounds) a fhulaingt ón eachtra.
Tugadh an déagóir chuig an ospidéal freisin le gortuithe nach raibh bagairt saoil orthu tar éis ionsaí a dhéanamh air le linn na heachtra.

De réir tuairisce san Irish Independent, is athair agus mac iad an beirt agus gortaíodh an déagóir agus é ag iarraidh a athair a chosaint.
Tuairiscíodh freisin gur lámhachadh ceithre urchar ar an bhfear agus go raibh roinnt créachta gunna dá chosa aige.
Creidtear freisin gur buaileadh an déagóir sa chloigeann le gunna láimhe agus é ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh.
Coinníodh an láthair ag Cnocán Bellevue le haghaidh scrúdú teicniúil, agus tá Gardaí ag iarradh ar aon fhinnéithe ar an eachtra a theacht chun tosaigh.
Dúirt siad i ráiteas: ‘Iarrtar ar aon úsáideoir bóithre a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu (lena n-áirítear dash-cam) agus a bhí ag taisteal i gceantar Chnoc Bellevue idir 4.15pm agus 4.45pm, an scannán sin a chur ar fáil do na Gardaí.
‘Go háirithe, tá Gardaí ag iarradh ar aon duine a chonaic carr salún dubh i nDeilgne ag taisteal go dtí an N11 idir 4.15pm agus 4.45pm teacht chun chugainn.
‘Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil le stáisiún Garda na gCloch Liath (Greystones) ar 01 666 5800, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon stáisiún Garda.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.