

Tá hearóin le luach sráide measta de €8m uirthi aimsithe ag Gardaí agus Oifigigh Chustaim ar eitleán ag Aerfort Weston, de réir tuairisc ar RTÉ.
Is é an urghabháil is mó den druga i mbliana.
Cuardaíodh an t-aerárthach éadrom (light aircraft) agus fuarthas suas le 60kg de hearóin a bhí pacáistithe i bhfolús (vacuum-packed) i málaí taistil.
Tá beirt fhear ina 40í agus 60í gafa. Gabhadh fear amháin ar an eitleán, agus an duine eile in aice láimhe.

Tá siad á gcoinneáil faoi reachtaíocht um gháinneáil (trafficking legislation) drugaí ag stáisiún Gardaí i gCo. Chill Dara agus is féidir iad a cheistiú ar feadh suas le seacht lá.
Gabhadh an t-aerárthach éadrom freisin agus tá gardaí ag lorg a chonair eitilte (flightpath) anois.
Deir Gardaí gur tharla an urghabháil tar éis oibríocht faisnéise (intelligence-led operation) a bhí bainteach leis an mBiúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (Drugs and Organised Crime Bureau) agus Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim (Revenue Customs), de réir an tuairisc ar RTÉ.
Deir bleachtairí gurb é teaghlach in iarthar Bhaile Átha Cliath a fuair na drugaí agus go bhfuil naisc acu le Grúpa Coireachta Eagraithe Kinahan agus go raibh siad le dáileadh i mBaile Átha Cliath agus timpeall na tíre.
Bhí an drong faoi fhaireachas (surveillance) agus rinneadh an urghabháil timpeall meán lae.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.