

Bíonn gach rud difriúil nuair is Dáithí Ó Sé atá i gceist. De ghnáth, nuair a chloistear na focail ‘ná labhair faoin trasphlandú gruaige’ an rud atá i gceist ná náire a sheachaint don duine a bhfuil an trasphlandú gruaige air.

Ní mar sin atá an scéal áfach san eachtra is déanaí ina bhfuil RTÉ ag tabhairt rialacha isteach do na réaltaí atá ag obair ann.
Bhí lúcháir ar Dháithi lena chloigeann athnuaite gruaige, agus tá sé an-sásta labhairt faoi.

Mar sin féin, dúradh le hóstach Seal le Dáithí ar TG4 agus Today ar RTÉ stop a chur leis an chaint faoin trasphlandú gruaige a fuair sé – agus é ina ambasadóir branda do chlinic i gCiarraí.
Mar gheall ar rialacha RTÉ maidir le cur chun cinn branda tá cosc ar Dháithí trácht a dhéanamh da chuma nua.
Agus é ráite aige gurbh é ‘an cinneadh ab fhearr a rinne mé riamh’, dúradh le Dáithí, atá 47 bliain d’aois, gan labhairt faoi a thuilleadh.

Meastar go gcosnóidh an trasphlandú thart ar €8,000 agus anois ní féidir leis fiú é a lua ar phodchraoltaí (rud atá déanta aige cheana féin).
Mhínigh Dáithí, ‘Bhí mé ar an tuiscint nach raibh mé in ann labhairt faoi ar mo sheó féin… ach dúradh liom ina dhiaidh sin nach raibh mé in ann labhairt faoi ar aon ardán eile de chuid RTÉ ach an oiread.’

Dúirt Dáithí: ‘Dúirt mé leo (RTE), “Sea, má tá na rialacha ar eolas agam cloífidh mé leo.”‘
Fuair an réalta teilifíse an athchóiriú gruaige leis an Cosmetic and Hair Restoration Clinic (CHRC) in Ospidéal Bon Secours, Trá Lí, i gCo. Chiarraí.
Chuaigh Daithí isteach don chóir leighis díreach roimh an Nollaig anuraidh.
Agus dúirt sé, ag an am: ‘Nuair a fhéachaim siar ar phictiúir ón mbliain seo caite is féidir liom an difríocht a fheiceáil i ndáiríre. ‘
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.