

Fuarthas méid mór drugaí tar éis do Fiannóglaigh (Rangers) an Airm smacht a ghlacadh ar astlong (cargo ship).
Scaoileadh urchair rabhaidh nuair a thug fórsaí na hÉireann smacht ar an long amach ó chósta Chorcaí/Port Láirge.
Agus bhí smuigléirí ar bord na loinge ag cur cóicín trí thine nuair a scaoileadh na saighdiúirí anuas ar an long ó héileacaptar de chuid an Aerchóir, dar leis an Irish Examiner.
Cé nach bhfuil luach na ndrugaí a fuarthas ar bord cinnte fós, creideann gardaí agus oifigigh chustaim gur fiú na milliún euro ar a laghad an iompar.
Dúirt roinnt foinsí go bhféadfadh gurbh fhiú níos mó ná €100 milliún na drugaí, dar leis an Irish Times.
Bhí an gníomh mar chuid d’imscrúdú a bhain leis an mbád iascaireachta a bhí buailte amach ó Loch Garman. Bhí an gníomh freisin mar chuid d’imscrúdú idirnáisiúnta ar smuigleála drugaí.
‘Bhí líon suntasach drugaí rialaithe amhrasta (suspected controlled drugs) ar bord,’ a dúirt na Gardaí.
Creideann Gardaí go raibh na drugaí á smuigleáil as Meiriceá Theas do mhargadh na hEorpa.
‘Gabhadh triúr fear, atá 60, 50 agus 31 bliain d’aois, ar amhras faoi chionta coireachta eagraithe (organised crime) agus faoi láthair tá siad faoi choinneáil ag stáisiúin na nGardaí i Loch Garman.’
Tháinig an long, an MV MATTHEW, atá cláraithe i bPanama, ó Mheiriceá Theas.
Bhí siad ag iarraidh uiscí na hÉireann a fhágáil nuair a idircheapadh (intercepted) iad go luath maidin Dé Máirt.
Tuigtear go raibh ar baill na bhfórsaí cosanta urchair rabhaidh a scaoladh chun an long a stopadh agus go raibh ar pháirtí armtha dul ar bord sa deireadh.

Coinníodh an long agus an criú ag pointe gunnaí.
Tugadh go Cuan Chorcaí é áit a raibh grúpa mór oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus gardaí ag fanacht air.
Bhí an dara bád, an bád iascaireachta, ar bhruach gainimh timpeall 12km lastuaidh de Ros Láir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.