Ní bheidh aon chostais úsáide bóithre ann, a deir an Tánaiste

26/07/2023

Tá plean ag comhairleoirí rialtais táille a ghearradh as bóithre a úsáid, ach deir an Tánaiste ‘nach mbeidh sé ag tarlú’

Tá sé maíte ag an Tánaiste Micheál Martin nach mbeidh táillí úsáide bóithre ag dul ar aghaidh, ainneoin moltaí ó Bhonneagar Iompair Éireann (TII) maidir le beartas an Rialtais.

Rinne an grúpa a thugann comhairle don Rialtas faoi bheartas iompair an moladh maidir le táillí bóithre.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Tá sé ar cheann de na roghanna atá ann chun an Stát a mhaoiniú mar gheall ar ioncam a chailltear nuair a úsáidtear níos lú carranna agus go mbeidh níos lú airgid ó cháin bóthair agus ó cháin bhreosla ag teacht isteach.

Chuir na Ranna Airgeadais agus Iompair de chúram ar TII – gníomhaireacht Stáit – bealaí a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh idir €1.5 billiún agus €3 billiún don Státchiste de réir mar a aistríonn tiománaithe go feithiclí leictreacha.

Deir an Tánaiste nach mbeidh costais ar na bóthaire
Deir an Tánaiste nach mbeidh costais ar na bóthaire

Iarradh air é seo a dhéanamh in éineacht le hastaíochtaí (emissions) ó iompar a laghdú 50% faoi 2030.

Thuairiscigh ExtraG.ie gur ceann de na bearta atá á mheas ná táille a ghearradh ar thiománaithe as an ngréasán bóithre náisiúnta a úsáid.

Chiallódh moladh amháin go gcosnódh turas ó Mhaigh Nuad go Baile Átha Cliath Láir €38, agus chosnódh turas ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath €163.

Tá sé deimhnithe cheana féin ag urlabhraí de chuid na Roinne Iompair go raibh an rogha táille úsáide bóithre á scrúdú.

Dúirt sé go raibh sé ‘ag céim luath’ agus go raibh TII ag féachaint ar roinnt roghanna agus córais dola a chinnteodh ‘feabhsú aeráide agus feidhmíocht eacnamaíoch’ amach anseo.

Tánasite Micheál Martin
Tánasite Micheál Martin

Deir an tuarascáil: ‘D’fhéadfadh go mbeadh leibhéil arda praghsála ag teastáil chun athrú bunathraithe a thiomáint.’

Mhaígh an Tánaiste agus Aire Cosanta, an tUasal Martin, nár cuireadh plean dá leithéid faoi bhráid an Rialtais.

‘Is staidéar é sin. Níl moltaí ar bith tagtha os comhair an Rialtais,’ a dúirt sé.

D’áitigh ceannaire Fhianna Fáil freisin ‘nach mbeidh sé ag tarlú’.

Bhí sé ag labhairt ag Airmhean Traenála Óglaigh na hÉireann i gCo. Chill Dara.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram