

Tá fear ina 40idí gafa tar éis don bheirt a bheith sáite ag an gcluiche CLG faoi-16 i gCo Thír Eoghain.
D’fhreastail póilíní ar an láthair spóirt na Coirre Críochaí (Cookstown).
Gabhadh fear ina 40idí agus cuireadh faoi choimeád é lena cheistiú.
Tá achainí déanta ag an PSNI ar fhinnéithe ar bith nó ar aon duine a bhfuil píosa scannáin acu ar a tharla dul i dteagmháil leo.
Dheimhnigh Seirbhís Otharchairr Thuaisceart Éireann (Northern Ireland Ambulance Service, NIAS) go bhfuair siad glao 999 ag 9.03pm tráthnóna Déardaoin.

Cuireadh criú éigeandála chuig an láthair agus dúirt an NIAS gur tugadh othar chuig Ospidéal Cheantar Aontroma (Antrim Area Hospital) tar éis measúnú agus cóireáil tosaigh ag an láthair.
Bhí foireann buachaillí faoi 16 de Cookstown Fr Rocks ag imirt Fintona Pearses i gcluiche leathcheannais na craobhchomórtais i bPáirc Paddy Cullen insan Chorr Chríochach (Cookstown).
Dúirt an club go bhfuil siad ag tacú anois le leanaí agus daoine óga ‘a chonaic an eachtra an-tromchúiseach seo’.
Dúradh go n-oibreoidh coiste lena chinntiú go mbeidh an tacaíocht agus an cúnamh a theastaíonn uathu ag na páistí sna laethanta amach romhainn.
Dúirt an club go bhfuil a chuid smaointe leis na daoine a ndeachaigh an eachtra i bhfeidhm orthu.
Tá sé ráite ag CLG Thír Eoghain (Tyrone GAA) go bhfuil siad ar an eolas faoi eachtra a tharla ag cluiche sa chontae tráthnóna Déardaoin.
I ráiteas, dúirt siad: ‘Tá muid ag smaoineamh orthu siúd go léir a bhfuil tionchar orthu.’
Dúirt siad go bhfuil an eachtra á fhiosrú ag an PSNI agus nach bhfuil aon trácht eile le déanamh acu faoi láthair.
Is cosúil go léiríonn píosaí scannáin a cuireadh suas ar na meáin shóisialta na póilíní ag freagairt don eachtra.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.