

Níl an drochaimsir thart, ar an drochuair. Creidtear go dtitfidh ceathanna geimhridh níos déanaí an tseachtain seo de réir mar a thiteann an teocht go géar.
An tseachtain seo caite, tháinig sos sna dálaí gruama le tréimhsí geala grianmhara ag glanadh na scamaill leanúnacha.

Cé gur tháinig feabhas ar an aimsir i mí na Márta, tá an drochaimsir thar n-ais anois.
Tá rabhadh tugtha ag Met Éireann go dtitfidh an teocht chomh híseal le 0 céim níos déanaí sa tseachtain le roinnt paistí sioc, oighir, flichshneachta agus sneachta.
De réir mar a bhíonn brú íseal i réim ar fud na tíre, is féidir a bheith ag súil le tréimhsí báistí, teochtaí ísle agus aimsir ghaothach Dé Céadaoin.

Táthar ag súil le gaotha láidre agus guairneacha an iardheiscirt, go háirithe i gceantair chósta. I measc na dtionchar féideartha tá dálaí taistil deacra, smionagar agus roinnt craobhacha nó crainn tite.
Deir an réamhaisnéiseoir go mbeidh Dé Céadaoin tirim agus geal le tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe timpeall contae chósta an Atlantaigh.
Beidh oíche Dé Céadaoin gaothach agus forbróidh báisteach leanúnach san iarthuaisceart ar maidin. Beidh an teocht is ísle idir 5 agus 8 chéim Celcius.
Táthar ag tuar go mbeidh an Déardaoin fliuch agus gaofar freisin le ráigeanna báistí, ag éirí trom uaireanta. Beidh an teocht is airde idir 8 agus 12 céim.

Cruthóidh sioc agus oighear oíche Déardaoin de réir mar a thiteann an teocht ider 0 agus 4 céim. Beidh sé scamallach agus an bháisteach ag glanadh go luath. Éireoidh sé níos fuaire agus tiocfaidh ceathanna isteach ón iarthar mar fhlichshneachta nó sneachta in áiteanna.
Beidh an Aoine fhionnuar agus gaofar le tréimhsí grianmhara agus ceathanna scaipthe a d’fhéadfadh titim mar fhlichshneachta agus b’fhéidir sneachta uaireanta. Teocht is airde idir 5 agus 8 chéim.
Is dócha go mbeidh an Satharn níos dorcha agus níos séimhe, le scamaill agus báisteach ag síneadh soir ar fud na tíre. Beidh an teocht is airde idir 8 agus 11 céim.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.