X Factor na díospóireachta do daltaí scoile! Polaitíocht, coireacht agus an dúshlán náisiúnta

Bhí díospóireacht mhór le drámaíocht agus paisean i gceist le Craobh na hÉireann de Chomórtas Uí Chadhain ag Gael Linn.

Ghlac cuid dár ndaltaí is cliste páirt sa dúshlán mór díospóireachta náisiúnta an tseachtain seo caite, agus ó neart na n-iomaitheoirí ní bheadh ​​​​ionadh orainn aon cheann acu a fheiceáil ag éirí cáiliúil mar pholaiteoirí.

Screenshot 2026 01 28 064555
Scoláirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Micil Mac Donncha, Clíodhna Ní Chualáin agus Pádraig Mac Donncha  i gcomhairle a chéile le linn na díospóireachta 

Agus beidh sin suimiúil mar cheann de na hábhair dhíospóireachta a bhí ann ná: ‘Táimid ródhian ar ár gcuid polaiteoirí in Éirinn’. Ba é an ceann eile ná: ‘Is fiú saothar na coiriúlachta.’

An bhfuil baint ar bith ag na ceisteanna sin lena chéile? Ceist dóibh siúd atá soiniciúil faoi ​​pholaitíocht b’fhéidir.


Na moltóirív ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ; Áine Hensey, Eileen Mc Evilly, Liam Mac a’ Mhaoir, Féilim Mac Donncha agus Fergus Ó Conghaile
Na moltóirív ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ; Áine Hensey, Eileen Mc Evilly, Liam Mac a’ Mhaoir, Féilim Mac Donncha agus Fergus Ó Conghaile

Ar an gCéadaoin, 21 Eanáir 2026 thug foirne díospóireachta ó scoileanna lán-Ghaeilge éagsúla ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán Athlone Springs i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí, chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.

Liam Mac Conchoille, foireann shóisir Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh
Liam Mac Conchoille, foireann shóisir Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh

Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo.

Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. 

Foireann shinsir Ghaelcholáiste Luimnigh, Ava Ryan, Lia O’Donoghue agus Neasa Ní Ifirneáin ag ceiliúradh a mbua
Foireann shinsir Ghaelcholáiste Luimnigh, Ava Ryan, Lia O’Donoghue agus Neasa Ní Ifirneáin ag ceiliúradh a mbua

Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bhí ann ar an gCéadaoin agus ba é Cormac Ó Dúlacháin AS, Cathaoirleach – Cumann Barra na Gaeilge a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid.

Tá sean taithí ag Cormac ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sé páirt iontu ina óige. 

Screenshot 2026 01 28 064531

Thug Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal Corn Uisne leo chomh maith le príomhdhuais an chomórtais, arbh fhiú €1000 í.

Bhí ardchaighdeán amach is amach sa chraobh, le géariomaíocht idir Scoil Mhuire, Béal Átha ‘n Ghaorthaidh; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath.

Ella Ní Fhaoláin, foireann shinsir Mheánscoil Gharman
Ella Ní Fhaoláin, foireann shinsir Mheánscoil Gharman

An rún a bhí faoi chaibidil acu ná ‘Táimid ródhian ar ár gcuid polaiteoirí in Éirinn’.

Ag leibhéal na Sinsir, thug Gaelcholáiste Phort Láirge;  Gaelcholáiste Luimnigh; Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga aghaidh ar a chéile ag plé an rún ‘Is fiú saothar na coiriúlachta’. 

Bhí géarchomórtas ann idir na foirne agus iad beagnach ar chomhmharcanna ag an deireadh.

Mar sin bhí jab deacair le déanamh ag an gcúigear moltóir ar an oíche. Is iad sin:  Eileen Mc Evilly, Féilim Mac Donncha, Liam Mac a’ Mhaoir, Áine Hensey agus Fergus Ó Conghaile.

Éanna Ó Raghallaigh, foireann shinsear, Meánscoil Gharman
Éanna Ó Raghallaigh, foireann shinsear, Meánscoil Gharman

Sa deireadh thiar thall, bhí muintir Ghaelcholáiste Luimnigh chun tosaigh. Éacht amach is amach a bhí i gceist agus Corn Gael Linn buaite acu, an chéad uair riamh a d’éirigh leis an scoil an comórtas mór le rá seo a bhuachan.

  • Dóibh siúd nach raibh ábalta freastal ar an ócáid, craoladh na díospóireachtaí beo ar leathanach YouTube agus is féidir breathnú siar orthu ar leathanach Gael Linn. CLICEÁIL ANSEO

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram