

De réir tuarascála is déanaí ó Oxfam Éireann, tá níos mó saibhreas ag billiúnaí na tíre le chéile anois ná mar atá ag 3.46 milliún duine eile in Éirinn.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil tuilleadh airgid ag an 11 billiúnaí atá in Éirinn ná atá ag 85% daoine fásta, nó 63% den daonra cónaithe, a mheastar a bheith thart ar 5.46 milliún duine.

Léirigh an tuarascáil, a foilsíodh roimh Chruinniú Eacnamaíoch an Domhain i nDavos Dé Luain, go raibh luach iomlán €46.3 billiún ag saibhreas bhilliúnaithe na hÉireann ag deireadh na bliana seo caite.
Bhí na figiúirí bunaithe ar liosta is déanaí Forbes de bhilliúnaithe an domhain. Léirigh an liosta sin go bhfuil níos mó saibhreas ag Elon Musk, Larry Page agus Jeff Bezos le chéile ná mar atá ag an leath is boichte de dhaonra an domhain, sin thart ar 8.3 billiún duine.
Is é Musk, Príomhfheidhmeannach comhlachtaí ar nós Starlink, X agus Tesla, an duine is saibhre ar domhan faoi láthair. Deirtear go bhféadfadh sé a bheith ar an gcéad duine riamh a shroichfidh stádas trilliúnaí.
Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go bhfuil billiúnaí 4,000 uair níos dóchúla ná gnáthdhaoine a bheith rathúil agus iad ag iarraidh post polaitiúil a bhaint amach.

Bhí an 11 billiúnaí as Éirinn san áireamh ar liosta Forbes. Ba iad bunaitheoirí Stripe, na deartháireacha John agus Patrick Collison, ba shaibhre sa tír, le luach measta de $8.7 billiún.
Ina ndiaidh sin bhí John Grayken, bunaitheoir an chomhlachta cothromais phríobháidigh Lone Star Funds, atá lonnaithe i Dallas. Cé gur saoránach Meiriceánach a bhí ann ar dtús, thréig sé a shaoránacht i 1999 ar chúiseanna cánach agus fuair sé pas Éireannach ina dhiaidh sin.
Bhí Firoz agus Zahan Mistry san áireamh freisin – milliúnaithe nua. Ba é a n-athair, Pallonji Shapoorji Mistry, cathaoirleach an ghrúpa idirnáisiúnta Shapoorji Pallonji, atá lonnaithe i Mumbai.
Tháinig uncail an bheirt, Shapoorji Mistry, sa cheathrú háit ar an liosta. Tá smacht aige anois ar an gcomhlacht tógála tar éis bhás a dhearthár. Measann Forbes go bhfuil thart ar $1.7 billiún dá shaibhreas aige.
Bhí John Dorrance, oidhre Campbell’s Soup, ar an liosta freisin, le luach measta de $3.2 billiún, chomh maith leis an bhfear gnó Denis O’Brien, le thart ar $3.1 billiún.

Ina ndiaidh sin bhí bunaitheoir Kingspan Eugene Murtagh le $2.6 billiún, an t-airgeadóir Dermot Desmond le $2.3 billiún, agus John Armitage, bunaitheoir an chiste fálaithe Egerton Capital, a bhfuil thart ar $1.5 billiún aige.
Thug tuarascáil Oxfam rabhadh freisin go bhfuil an carnadh ollmhór seo saibhris i gcúpla lámh ag baint bun de dhaonlathas.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Oxfam Éireann, Jim Clarken: ‘Tá éagothroime eacnamaíoch ag cur le greim polaitiúil ar fud an domhain. Tá olagarcacht (oligarchy) nua ag teacht chun cinn agus na ndaoine is saibhre ag múnlú na rialacha. Tá an rogha shoiléir: olagarcacht nó daonlathas. Ní féidir an dá rud a bheith againn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.