Is fiú beagnach €36bn an naonúr Éireannach ar fiú €1bn an billiúnaí iad, rud a chiallaíonn go bhfuil beagán os cionn 4% de shaibhreas na hÉireann acu, mar is tír í le daonra de 5 mhilliún duine.
D’oibrigh an naonúr billiúnaí seo le haghaidh (nó fuair siad le hoidhreacht) rath ollmhór trí airgeadas, teileachumarsáid, ábhar tógála agus teicneolaíocht agus earnálacha eile.
Mar sin cé hiad na naoi billiúnaí seo?
Is fiú $5.5bn an duine iad na deartháireacha Collison mar gheall ar rath a gcuideachta íocaíochtaí, Stripe, atá lonnaithe i San Francisco, a phróiseáil íocaíochtaí de níos mó ná $817bn in 2022.
Ainmníodh an chomhlacht, a ghearr 14% dá lucht oibre le déanaí agus a laghdaigh a luacháil inmheánach (internal valuation) go $63bn anuraidh, ar an tríú ‘fintech’ is mó tionchair ag ‘Utility Bidder’ i mí Mheán Fómhair. Chaith John Collison €20m ar eastát tuaithe i Mainistir Laoise (Abbeyleix) trí bliana ó shin.
Ar luach $6.3bn, tháinig an fathach caipiteal gnáthscaireanna phríobháidigh (private equity giant) John Grayken, a rugadh i mBostún, ina shaoránach Éireannach i 1999, ceithre bliana tar éis dó Lone Star Funds atá lonnaithe i Texas a bhunú, a bhfuil rath air ag infheistiú i sócmhainní réadmhaoine cráite (distressed property assets).
Tá aithne mhaith againn ar Denis O’Brien, ar fiú $2.8bn é, i saol poiblí na hÉireann mar úinéir nuachtáin agus raidió, ach is óna chuideachta teileachumarsáide Digicel a thagann an chuid is mó dá shaibhreas. Is comhlacht mór fóin póca é Digicel, atá sa Mhuir Chairib, Meiriceá Láir agus réigiún Áise an Aigéin Chiúin (Caribbean, Central America and the Asia Pacific region).
Rugadh John Armitage ($2.3bn) sa Bhreatain ach rinneadh saoránach Éireannach de chúig bliana ó shin. Is comhbhunaitheoir é don chiste fálaithe (hedge fund) Egerton Capital, a bhfuil $22bn á bhainistiú aige. Tá $22.6bn ginte (generated) ag a ghnólacht ó bunaíodh é i 1995, de réir LCH Investments.
Is garmhac é John Dorrance III ($2.6bn) le John Thompson Dorrance, a bhí an t-aireagóir anraith comhdhlúite (inventor of condensed soup) agus a bhí ina úinéir ar an comhlacht anraith, Campbell, ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil a theaghlach fós ar na scairshealbhóirí (shareholders) is mó sa chomhlacht, dhíol sé féin a chuid agus tháinig sé ar imirce go hÉirinn i lár na 1990í. Rinneadh saoránacht dó tar éis dó $1.5m a chaitheamh ag cur crann (planting trees).
Rugadh Dermot Desmond i gCorcaigh agus tógadh é i Marino i mBaile Átha Cliath. Is fiú $2.2bn é agus fuair sé an chuid is mó dá shaibhreas san airgeadas, ag bogadh ó Citibank go PwC agus ag bunú NCB Stockbrokers, sular dhíol sé é ar $39m, rud a d’úsáid sé chun tús a chur leis an gnólacht caipiteal gnáthscaireanna phríobháidigh (private equity business) International Investment & Underwriting, a bhfuil baint aige le leithéidí Datalex agus Celtic FC.
Is fiú $2.6bn é Eugene Murtagh agus is é bunaitheoir an chomhlachta ilnáisiúnta ábhar tógála Kingspan, atá lonnaithe sa Chabhán (Cavan). Le 55 bliain anuas chruthaigh sé ioncam bliantúil de €6.5bn ó dhíolacháin inslithe (insulation) agus táirgí eile d’fhoirgnimh thráchtála agus thionsclaíocha.
Le luach measta níos mó ná €2bn, tá JP McManus ar cheann de na daoine is saibhre in Éirinn, cé go bhfuil a theach sa Ghinéiv (Geneva) ar chúiseanna cánach.
Is cearrbhachas (gambler) é McManus ar feadh an tsaoil agus is iar-gheallghlacadóir (bookie) é freisin, tar éis dó tosú amach ag rás-rianta madraí Market Field ina dhúchais i Luimneach agus é 21 bliain d’aois.
Tá cáil ar an airgeadóir as a dhaonchairdeas (philanthropy) agus bhronn sé €1m ar gach bord contae CLG le déanaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.