Cúigear ainmnithe … Cuardach frantach le haghaidh ‘billionaire’, saineolaí Titanic agus triúr eile i ‘mini-sub’, agus an t-aer ag imeacht

20/06/2023

Tá cuardach frantach (frantic search) faoi bun le haghaidh cúigear atá ag taisteal síos go dtí an Titanic i bhfomhuireán beag bídeach (mini-submarine).

Agus tá an cúigear ar bord ainmnithe anois.

Ag 6am ar maidin Dé Máirt, bhí 55 uair an chloig d’aer fágtha acu, de réir Gharda Cósta na Stáit Aontaithe atá i gceannas ar chuardach mara ollmhór a bhain le cabhlacha (navies) Mheiriceá agus Cheanada.

Bhí an billiúnaí Briotanach (British billionaire) Hamish Harding agus ceathrar eile ar cuairt ar an longbhriseadh (wreck) ceithre chiliméadar faoi barr an Aigéin Atlantaigh.

Tá siad i mion fomhuireán d’arb ainm Titan.

Ceann acu sin a chreidtear atá ar bord is ea Paul Henry Nargeolet, iar-cheannasaí cabhlach na Fraince (French navy).

In éineacht leis an Uasal Harding, agus an tUasal Nargeolet, tá príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir OceanGate Expeditions, Stockton Rush, ar bord, tá Sky News tar éis tuairisciú.

Tá an fear gnó Pacastánach Shahzada Dawood agus a mhac, Suleman, ar bord freisin.

Chuaigh siad amach maidin Dé Domhnaigh le linn sos in aimsir uafasach.

Bhí aer ar feadh 96 uair an chloig acu – sé sin ceithre lá, go dtí maidin Déardaoin. Ach uair an chloig agus 45 nóiméad isteach sa mhisean, a bhí ceaptha a bheith ann ar feadh ach ocht n-uaire a chloig, cailleadh teagmháil leo.

Bhí siad 580km amach ó chósta Thalamh an Éisc (Newfoundland), Ceanada.

titanic 3

Sula ndeachaigh siad, bhí an tUasal Harding, 58, ag phostáil chuig na meáin shóisialta faoi oscailt ‘fuinneog aimsire’ a ligfeadh don ghrúpa taisteal síos, tar éis ‘an geimhreadh is measa i dTalamh an Éisc le 40 bliain’.

Agus gheall sé: ‘Tuilleadh nuashonruithe (updates) ar an turas le leanúint má leanann an aimsir!’

Bhí tarrthálaithe (rescuers) i rás in aghaidh an ama.

 Tá eitleán thar a bheith sofaisticiúil, an P8 Poseidon, le cumais braite faoi uisce i gceist freisin.

Tá an Titan, atá 22 troigh ar fad, in ann tumadóireacht (diving) a dhéanamh go 12,500 troigh, áit a bhfuil an longbhriseadh is cáiliúla ar domhan fós ann.

Bhuail an Titanic cnoc oighir ar a thuras tosaigh i 1912 nuair a cailleadh 1,500 duine. Thángthas ar láthair na loinge i 1985.

Aréir d’admhaigh na tarrthóirí go bhféadfadh an Titan a bheith i greamaithe (stuck) i raic an Titanic.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá 24,000 bainisteoir sa HSE. Anois tá deireadh curtha ag an gceannaire lena bhfostú

Dúirt an ‘Rear Admiral’ John Mauger ó Gharda Cósta na SA: ‘Táimid ag obair chomh dian agus is féidir, ag úsáid gach run chun iarracht a dhéanamh teacht ar an Titan.’

Aréir scríobh leasmhac an Uasail Harding Brian Szasz ar Facebook: ‘Smaointe agus paidreacha do mo leasathair Hamish Harding agus a fhomhuireán imithe ar iarraidh agus é ag taiscéaladh an Titanic. Tá misean cuardaigh agus tarrthála (rescue) ar siúl.’

Dúirt OceanGate Expeditions, a fheidhmíonn na turais, go raibh siad ag déanamh gach rud is féidir ‘chun an fhoireann a thabhairt ar ais go sábháilte’.

Gearrann OceanGate $250,000 (€229,000) as áit cháiliúil ar thuras ocht lá ar bord loinge taighde Polar Prince, agus le sin tá tumadóireacht amháin ar a laghad (at least one dive) ar bord an Titan síos go dtí an Titanic.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Dlíthe i gcoinne LGBTQ+: Elton John ag cáineadh homafóibe i gcoinne Schofield … agus i Meiriceá

Chuaigh  an tUasal Harding, a rugadh i Londain, isteach sa spás, thug sé cuairt ar an Pol Thuaidh agus and Pol Theas, chuaigh sé timpeall na cruinne agus tá trí Thaifead Domhanda Guinness ina sheilbh aige – lena n-áirítear an t-am is faide a chaitear ag bun an aigéin (ocean).

Gheall sé gan a bheith ina dhuine a ghéilleann, gan a n-aislingí a leanúint, ‘go háirithe de réir mar a théann siad in aois’.

Tá an tUasal Nargeolet, iar-cheannasaí cabhlach na Fraince ina tumadóir domhain (deep-sea diver). Agus é ina stiúrthóir ar thaighde faoi uisce le haghaidh E/M Group agus RMS Titanic, Inc, meastar go forleathan gurb é an príomhúdarás ar shuíomh na longbhriseadh agus is féidir go raibh sé i gceannas ar an Titan.

Bhí Nargeolet i gceannas ar roinnt turas chuig láithreán an Titanic agus rinne sé maoirsiú ar aisghabháil 5,000 déantán, lena n-áirítear aisghabháil an ‘phíosa mhóir’, cuid 20 tonna de chabhail an Titanic.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram