Sneachta ag teacht: Buailfidh Stoirm Goretti Éire – Cliceáil anseo le haghaidh ‘updates’ as Gaeilge

Stádas Buí eisithe ag Met Éireann le sneachta agus báisteach: Tabhair aire ar na bóithre – agus ar na cosáin

Táthar ag súil go mbuailfidh sneachta agus báisteach throm ceantair dheisceartacha amárach agus Stoirm Goretti ag bogadh trasna na hÉireann.

Tá foláireamh Stádas Buí eisithe do Chorcaigh, Ciarraí, Port Láirge agus Loch Garman maidir le sneachta agus báisteach.

Dúirt Met Éireann go n-iompóidh an bháisteach, a bheidh trom uaireanta, ina fhliuchshneachta agus sneachta in áiteanna, go háirithe ar thalamh níos airde áit a bhféadfadh sneachta fanacht ann mar gheall ar an drochaimsir.


Screenshot 2026 01 07 174230

Cliceáil ANSEO le haghaidh nasc chuig an leagan Gaeilge deshuíomh Gréasáin Met Éireann, leis an eolas aimsire is déanaí


Beidh an foláireamh i bhfeidhm ó 12i.n. go 8i.n. Déardaoin.

Tá an réamhaisnéiseoir ag tabhairt rabhaidh faoi dhálaí taistil contúirteacha, tuilte spota, droch-infheictheacht agus paistí oighreata.


Met Eireann

Thit an teocht faoi bhun an reophointe in Éirinn le seachtain anuas.

Tá Stoirm Goretti, a d’ainmnigh gníomhaireacht aimsire na Fraince Meteo France, ag cur isteach go forleathan ar thaisteal san Eoraip, agus tá na céadta eitilt i bPáras agus in Amstardam curtha ar ceal.

Dúirt Met Éireann go bhfuil réamhaisnéis na haimsire don chuid eile den tseachtain neamhshocraithe le ceathanna, cuid acu ag casadh geimhridh b’fhéidir, agus íosteocht thar oíche de thart ar -2 céim Celsius Déardaoin san oíche agus san oíche ar an Aoine.

weather snow feat 1
Dúirt Met Éireann go n-iompóidh an bháisteach, a bheidh trom uaireanta, ina fhliuchshneachta agus sneachta in áiteanna,

Meastar go mbeidh deisceart na Breataine thíos leis an tionchar is mó Déardaoin agus Dé hAoine.

Tá rabhadh tugtha ag údaráis aimsire ar fud na hEorpa faoi theocht íseal, oighear agus sneachta breise de réir mar a bhuaileann an stoirm.

Dúirt Met Éireann: ‘Beidh an bháisteach trom uaireanta in aice leis an gcósta theas, agus b’fhéidir go n-iompóidh sí ina flichshneachta agus ina sneachta thar chodanna de Chúige Mumhan agus deisceart Laighean san iarnóin, sula nglanfaidh sí soir go déanach san iarnóin agus tráthnóna.’

Sneachta. Pictiur Eamonn FarrellRollinNews.ie
Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Is cosúil go bhfillfidh sé ar aimsir thirim agus gheal i go leor codanna den tír Dé hAoine.

Mar sin féin, is dócha go mbeidh ceathanna scaipthe san Iarthar, le roinnt aimsire geimhridh ann.

Is cosúil go dtosóidh an Satharn fuar agus tirim, ach táthar ag súil go dtiocfaidh coinníollacha níos fliche agus níos gaofaire ón Iarthar níos déanaí sa lá.

Beidh an chuid is mó den tír thirim Dé Domhnaigh freisin, sula scaipfidh an bháisteach ón iardheisceart, ag éirí trom uaireanta.


Screenshot 2026 01 07 174243

Cliceáil ANSEO le haghaidh nasc chuig WOW-IE, Suíomh Gréasáin Breathnuithe Aimsire le Met Éireann


Táthar ag súil go bhfanfaidh na coinníollacha neamhshocair agus measctha roimh an tseachtain seo chugainn.

Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram