Deis do scríbhneoirí amhrán le duaiseanna €2,500

06/12/2025

Níl ach cúpla lá fágtha le haghaidh iarratais don Chomórtas Amhrán Nua Pan Cheilteach 2026.

Ní foláir iarratais a bheith istigh don Chomórtas Amhrán faoin Luain seo chugainn, 8ú Nollaig. Níl aon táille iontrála.

Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026. Ní foláir don amhrán a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus cuirfear na hamhráin a roghnófar i láthair ag an gComórtas Náisiúnta beo a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 24 Eanáir 2026 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.

Screenshot 2025 12 05 112005

Roghnóidh painéal de mholtóirí aitheanta an buaiteoir ar an oíche.

 Bronnfar duais airgid €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an gcumadóir agus canfar an t-amhrán buacach ag an gcomórtas idirnáisiúnta le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026 a bheidh ar siúl ón 7 – 11 Aibreán i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn.

Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nuachumtha eile a bheidh roghnaithe ag Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin agus beidh €1,500 maille leis an trófaí idirnáisiúnta le buachan ansin.  Tá sonraí uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie.

Is féidir iarratas a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram