

Ó Phoebe Bridgers as Gaeilge go filíocht Aogáin Uí Rathaille, tá clár IMRAM lán le fuinneamh agus samhlaíocht, le ceolchoirmeacha beo, filí ag léamh, léirithe ilmheánacha agus a lán eile.
Meascann Phoebe Bridgers ceol tíre acústaice le popcheol leictreonach aislingeach agus tá cáil ar a cuid sárliricí a chuimsíonn briseadh croí, caillteanas, creideamh, caidreamh teaghlaigh agus teacht in inmhe.
Sa cheolchoirm Amhráin na Gealaí ag IMRAM tá a cuid amhráin aistrithe ag Caitríona Ní Chléirchín agus Dairena Ní Chinnéide. Páirteach sa seó beidh AOIBHA lena banna ceoil agus Jessie Dingle a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana sa Tionscadal Taylor Swift 2024. Déanfaidh Margaret Lonergan, dearthóir agus físealaíontóir, íomhánna agus na liricí a theilgean ar scáileán.

Sa léiriú nua Gile na Gile ag IMRAM , beidh ceol nuachumtha atá bunaithe ar fhilíocht Aogáin Uí Rathaille, á chur i láthair ag an gcumadóir Lorcán Mac Mathúna in éineacht leis na ceoltóirí Martin Tourish agus Éamonn Galldubh.
Agus clár na féile á fhógairt aige, dúirt Liam Carson, stiúrthóir IMRAM: ‘Cuimsíonn clár na bliana seo imeachtaí ilmheánacha; mórthionscadail cheoil; oícheanta filíochta agus ceoil; léachtaí agus díospóireachtaí; agus imeachtaí do scoileanna, ina measc an comórtas haiku (Duais Bashō) agus Guth na hÉigse, comórtas aithriseoireachta do Scoileanna Iar-Bhunoideachais i gcomhar le hÉigse Éireann.’
I meascna mórimeachtaí eile na féile tá Bard na Páirce, ceiliúradh cuí ar shaol agus ar shaothar Mhíchíl Uí Muirtheartaigh – léamha filíochta agus próis coimisiúnaithe ó Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Colm Mac Gearailt, Dara Ó Cinnéide agus Alan Titley; sleachta as craoltaí leis; ceol agus amhráin le Colm Ó Snodaigh agus Brian Hogan.
Sa léiriú ilmheánach Dán na Caillí tá dánta nua-choimisiúnaithe faoin gCailleach le cloisteáil ó Laoighseach Ní Choistealbha, Dairena Ní Chinnéide agus Eithne Ní Ghallchobhair, chomh maith le ceol ó RÓIS; agus íomhánna le feiceáil ar scáileán le Margaret Lonergan.
Ag Ceolta, beidh spléachadh spleodrach ar staid reatha na rapála Gaeilge. Cloisfear meascán mearaí den rapcheol Gaelach ó gach cearn den tír, agus níos faide i gcéin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.