20 bliain d’aois agus scoilte ina dhá leath, seo chugainn IMRAM

18/10/2023

IMRAM, féile na n-ealaíon i nGaeilge i mBaile Átha Cliath ar siúl ó anocht

Tá IMRAM, féile na n-ealaíon i nGaeilge a chuireann gile ar ár n-oícheanta geimhridh, linn níos luaithe i mbliana.

Agus toisc go bhfuil siad ag ceiliúradh 20 bliain de cheol, litríocht agus puipéadóireacht tá IMRAM roinnte ina dhá chuid i mbliana, agus an chéad chuid ag tosú inniu (Dé Céadaoin).

Tá clár iomlán na bliana seo seolta acu agus tá sé ar fail ANSEO.

Agus is í an cheist mhór atá ar intinn gach duine le 20 bliain anuas ná: Cad is brí le IMRAM?

Bhuel, anois tá an freagra ag Liam Carson, stiúrthóir IMRAM.

‘Nuair a shocraíos ar fhéile litríochta Gaeilge a bhunú scór bliain ó shin, ba é an file Gabriel Rosenstock a thug IMRAM ar an tionscadal mar is ar aistear taiscéalaíochta a bheimis ón lá sin ar aghaidh.

‘Ar an aistear sin, theastaigh uainn lucht féachana a thabhairt linn ar thuras liteartha ilmheánach a chuimseodh prós, filíocht, scannánaíocht agus ceol,’ a dúirt sé ag an seoladh.

Tá sí ar siúl i mBaile Átha Cliath idir an 18-21 Deireadh Fómhair agus an 10-18 Samhain i mbliana.

Agus inniu seolfar coirscéinséir nua Anna Heussaff, Sa Pholl Báite, ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann (Irish Writers Centre), 19 Cearnóg Parnell  ag 6.30in agus tá saorchead isteach.

Anna Heussaff
Anna Heussaff

Úrscéalaí a bhfuil an-éileamh uirthi is ea Anna Heussaff, agus is í Sa Pholl Báite – buaiteoir Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2022 – an ceathrú húrscéal coireachta aici i sraith a chuimsíonn Bás Tobann, Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin.

Beidh Rabhadh gan Ghníomh/Alarmed and Inactive, ar siúl amárach (Déardaoin) i Smock Alley ag 8in, le cead isteach €20.

Pléann sé an athrú aeráide i seó a mheascann an ceol turgnamhach leis an bhfilíocht, an ealaín agus an dealbhóireacht.

Arsa Liam Carson, stiúrthóir IMRAM agus clár na féile á fhógairt aige. ‘Tá an fhís sin á ceiliúradh againn i gcónaí agus réimse leathan de nualitríocht na Gaeilge á chur os comhair an phobail againn, ón úrscéal coireachta de chuid Anna Heusaff, Sa Pholl Báite, go dtí an cuntas inspéise ar Ghaeltacht Dhún na nGall sa naoú haois déag a scríobh Cathal Póirtéir, An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair.

leabhar anna

‘Cuimsíonn clár na bliana seo imeachtaí ilmheánacha; mórthionscadail cheoil; lainseálacha leabhar agus agallaimh le scríbhneoirí; imeachtaí do scoileanna, ina measc an comórtas haiku (Duais Bashō) agus Guth na hÉigse, comórtas aithriseoireachta do Scoileanna Iar-Bhunoideachais I gcomhar le Éigse Éireann.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram