An Puball Gaeilge ag an bPicnic. Gach eolas ar fáil anseo

An spraoi ar fad a bhaineann leis an Electric Picnic do Ghaeilgeoirí i bPuball Gaeilge

Beidh neart imeachtaí speisialta ann do phobal na Gaeilge ag Electric Picnic i bPuball Gaeilge.

Mar shampla, beidh an-chuid ar siúl ag muintir Raidió na Life ag Electric Picnic ag an deireadh seachtaine beag seo.

Beidh an stáisiún lonnaithe mar a bhíonn gach bliain ag Puball Gaeilge, ceartlár na Gaeilge ag EP, agus beidh idir cheol is chaint is chraic, go hiomlán trí Ghaeilge, ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn. 

An Puball Gaeilge
An Puball Gaeilge

Ar bhuaicphointí an Phubaill i mbliana, beidh díospóireacht speisialta á óstáil ar an Satharn ag ‘Scéal’ le painéal d’aíonna an-speisialta: Catherine Connolly T.D, iarrthóir i dToghchán na hUachtaránachta 2025, Alan Titley, Eoghan Ó Ceannabháin agus John Prendergast; cluiche speisialta What the Focal? le Ciara Ní É, Cormac Breathnach, Eoin P. Ó Murchú agus Aideen McQueen; agus seisiún plé mar gheall ar an scannánaíocht trí Ghaeilge le Colm Bairéad (Stiúrthóir, An Cailín Ciúin), Úna Ní Dhonghaile (Eagarthóir Belfast; The Crown), Rónán Ó Muirthile (Ceann Scoile ar Dhámh na Scannánaíochta, na nEalaíon agus na dTeicneolaíochtaí Cruthaitheacha, IADT) agus Deirbhile Ní Churraighín (Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4), i mbun cainte le Rossa Ó Sioradáin.

Beidh scoth an cheoil ó bannaí ar leith le cloisteáil agus le feiceáil sa Phuball le linn na deireadh seachtaine ar fad freisin.

Ag ‘Club na Life’ ar an Satharn, beidh ceol beo ó Amano, The Gladstone Band, Avenue 68, Empty Internet, Clada, Leevy, agus Caoimhín Ceoil; le neart ceoltóirí eile le cloisteáil le linn na deireadh seachtaine ar fad.

Beidh ‘Fáilte na Gealaí’ le Féile na Gealaí agus Raidió Fáilte ar an Domhnach agus beidh ‘Nasc’ á chur i láthair ag Féile Nasc Dé hAoine.

Beidh dhá chlár speisialta ag Raidió na Life beo ó Electric Picnic óna 6pm – 7pm ar an Satharn agus ar an Domhnach (ar 106.4FM i mórcheantar Baile Átha Cliath agus ar líne ar www.raidionalife.ie i ngach áit eile).

Chomh maith leis sin beidh neart agallaimh agus físeáin agus an nuacht is déanaí ón bhféile le feiceáil agus le cloisteáil ar mheáin shóisialta Raidió na Life i gcaitheamh na deireadh seachtaine ar fad: @raidionalife agus @anpuballgaeilge agus ar leathanach Soundcloud Raidió na Life.

Tá Raidió na Life agus Rossa Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla ag stiúradh an Phubaill Ghaeilge ag Electric Picnic ó bhí 2008 ann agus tá Foras na Gaeilge mar phríomhurraitheoir ar an bPuball ó bhí 2023 ann.

Agus anuas ar imeachtaí na Collchoille, beidh deis ag nach mór sé céad duine de lucht
campála na féile a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála, a bhuí le tacaíocht ó Festival Republic.

Tá borradh faoin Láthair Ghaeltachta i mbliana, áit a mbeidh áiseanna sa bhreis an, agus spás pobail ina mbeidh ceardlanna agus imeachtaí sóisialta á reáchtáil i gcaitheamh na féile.

Is féidir ceoltóirí ar nós John Spillane agus IMLÉ a chloisteáil nuair a chraolfaidh TG4 clár ó Electric Picnic i mbliana freisin.

Beidh TG4 ag craoladh beo, le Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson á chur i láthair, Dé Domhnaigh, 31 Lúnasa ag 9.30pm.

Beidh ceol beo ar an gclár ón gCollchoill agus ón bPuball Gaeilge ag Electric Picnic, na háiteanna ina mbeidh an Ghaeilge, cultúr na hÉireann agus ceol traidisiúnta lárnach i bhformhór na n-imeachtaí.

John Spillane
John Spillane

I measc na mbuaicphointí ar na stáitsí sin beidh Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin, IMLÉ, John Spillane, Clada, Amano, Caolan Ryan, Dysania agus neart eile.

Ar an gclár freisin, beidh agallaimh agus seisiúin acústacha faoi leith le roinnt de na ceoltóirí mór le rá a bheidh ag seinm ag féile na bliana seo.

Mar aon leis na ceoltóirí agus na bannaí a bheidh ag casadh i nGaeilge ar na stáitsí sa Chollchoill agus ag  Puball Gaeilge ag Electric Picnic, beidh podchraoltaí, seisiúin ióga, céilí mór, fuirseoirí agus campáil sa Láthair Ghaeltachta.

Beo ón Electlric Picnic, 9.30pm, Dé Domhnaigh, 31 Lúnasa ar TG4.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram