Beidh Electric Picnic linn go luath agus, mar is gnáth, beidh an chraic i Láthair Ghaeltachta ar ais i mbliana.
Le cúig bliana anuas tá cainteoirí Gaeilge ag teacht le chéile ag an bhféile mhór cheoil.
Beidh sé ar siúl ó Dhé hAoine 1 Meán Fómhair go Dé Domhnaigh 3 Meán Fómhair ar an Sráidbhaile i gContae Laoise.
Agus beidh an t-ardán Gaeilge, de chuid Conradh na Gaeilge, An Chollchoill, ar ais arís freisin, le ceiliúradh ar cheol, ar theanga agus ar chultúr na hÉireann le linn an deireadh seachtaine.
Beidh ceol Gaelach agus ceol traidisiúnta ar an stáitse sa Chollchoill gach oíche le DJanna ar nós Ailbhe Ní Riain, grúpaí ceoil thraidisiúnta ar nós an Shandrum Céilí Band agus an grúpa Bandia a bhfuil cáil orthu as a gclúdaigh Ghaeilge.
Ar chlár An Puball Gaeilge i mbliana beidh ceol le leithéidí na Bonnymen, Sisterix, Tuath, JúcBox, Aoife Kelly agus Marcus Mac Conghail. Beidh plé ann le Diarmuid Ling, Eoghan Mac Cormaic, agus Jenny Ní Ruiséil, seó le Beo Ar Éigean, gig de chuid GaelGÁIRÍ agus go leor eile lena chois.
Agus cé go bhfuil na ticéid d’fhéile na bliana seo díolta amach níl sé ró-dhéanach má tá ticéad agat agus tú ag iarraidh a bheidh i gcroílár an craic Ghaeilge.
Is féidir clárú anseo do na spásanna campála atá ar fáil i Láthair Ghaeltachta an Phicnic.
Tabharfaidh suíomh an champa deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine.
Mar aon le sin, beidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na láithreach seo agus iarrtar ort meas a léiriú uirthi, a deir Conradh na Gaeilge.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: ‘Tá Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, tar éis an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag an bPicnic Leictreach ó bhí 2018 ann, agus táimid ag súil go mór le Croí na Féile a thógáil ar ais chuig an bhféile cheoil is mó in Éirinn i mbliana.
‘Beidh deis ag daoine an Ghaeilge a bheith mar chroí na féile acu trí a bheith ag campáil sa Láthair Ghaeltachta agus trí a bheith linn leis an Ghaeilge a chloisteáil ar ardán na Collchoille don trí oíche.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.