Bearta nua chun ‘cannabis’ a dhéanamh dleathach in Éirinn tar éis cinneadh ó choiste sa Dáil

Tá tuarascáil nua ó Choiste Ceartais an Oireachtais (Oireachtas Justice Committee) ag iarraidh ar an Rialtas saothrú drugaí mar ‘cannabis’ a scrúdú ar leibhéal ‘measartha’ agus ‘neamhbhrabúis’.

Molann an tuarascáil, a foilsíodh inné, go scrúdódh an Rialtas múnla rialála do dhrugaí áirithe, cannabas san áireamh.

Is í seo an chéim is faide fós i dtreo díchoiriúlú (decriminalisation) cannabas in Éirinn.

Molann an tuarascáil freisin go gcuirfí isteach córas tástála drugaí, a thriail den chéad uair ag an bhféile Electric Picnic, ionas gur féidir le daoine íonacht na ndrugaí a thástáil sula n-úsáidtear iad.

Ar an mbealach sin is féidir leo a fháil amach an bhfuil siad contúirteach.

cannabis to TDs 3

Mhol siad gur cheart don Rialtas breathnú ar shamhlacha díchoiriúlaithe i Málta, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe.

Dúirt Gino Kenny, TD People Before Profit: ‘Tá an bhéim anois go daingean ar an Rialtas bogadh ar aghaidh leis an moladh seo agus Tionól na Saoránach (Citizens’ Assembly) a eagrú maidir le díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáide pearsanta.’

Mhol an coiste freisin go ndéanfaí ‘tuilleadh taighde’ ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le ‘clubanna sóisialta’ do drugaí, ar féidir iad a úsáid chun canabais nó substaintí eile a fhás do bhail le haghaidh soláthair pearsanta (personal supply).

Tá na clubanna seo le feiceáil i dtíortha eile le blianta beaga anuas, le clubanna ag eagrú saothrú cannabas do riachtanais phearsanta na mball, seachas ar díol.

Go ginearálta déantar iad a fheidhmiú ar bhonn neamhbhrabúis, agus táthar ag súil go rachaidh aon bhrabúis a ghintear ar ais isteach sa chlub le haghaidh leas na mball.

Chuir trí thír na clubanna seo ar bhonn reachtaíochta: Málta, an Eilvéis agus Uragua.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram