Iar-ambasadóirí ag cur brú ar an Aontas Eorpach as tacú le hIosrael i nGaza

Tá cuid de na feidhmeannaigh agus na hambasadóirí is sinsearaí a d’oibrigh san Aontas Eorpach ag éileamh deireadh a chur leis an tacaíocht d’Iosrael i nGaza.

Foilsíodh litir phoiblí a shínigh 209 iar-ambasadóirí, iaroifigigh thaidhleoireachta sinsearacha agus ambasadóirí ó thíortha ball an tAontas Eorpach.

Tá siad ag éileamh go ngníomhóidh an tAontas Eorpach go práinneach faoi ionsaithe Iosrael i nGaza agus faoi ghníomhartha mídhleathacha san Iarthar Bhruach.

Deirtear sa litir, má theipeann ar an Aontas Eorpach gníomhú le chéile, gur cheart do bhallstáit bearta a dhéanamh ina n-aonar, nó i ngrúpaí beaga chun cearta daonna agus an dlí idirnáisiúnta a chosaint.

Páistí ag lorg bia i nGaza
Páistí ag lorg bia i nGaza

Tá na sínitheoirí ag moladh naoi mbeart, ina measc:

ceadúnais onnmhairithe airm a chur ar fionraí;

cosc ar thrádáil earraí agus seirbhísí ó lonnaíochtaí mídhleathacha;

agus cosc ar ionaid sonraí san Eoraip sonraí rialtas Iosrael nó gnóthais Iosraelacha a stóráil nó a phróiseáil má bhaineann siad le Gaza nó le tailte faoi fhorghabháil.

I measc na sínitheoirí tá 110 iar-ambasadóir, 25 iarstiúrthóir ginearálta, agus beirt de na taidhleoirí ba shinsearaí san Aontas Eorpach – Alain Le Roy, iar-ardrúnaí Seirbhís Gníomhaíochtaí Seachtraí san Aontas Eorpach, agus Carlo Trojan, iar-ardrúnaí Choimisiún na hEorpa.

Dúirt Sven Kühn von Burgsdorff, iar-ionadaí san Aontas Eorpach i gCríoch na bPalaistíneach, gur spreag an tionscnamh seo go mór daoine.

‘Thosaigh muid i lár Iúil, agus anois tá frustrachas láidir ann sna hinstitiúidí. Deir daoine nach féidir leanúint orainn mar seo,’ a dúirt sé.

Seo an tríú huair a foilsíodh iarracht phoiblí ó iar-thaidhleoirí, ach is é seo an chéad uair a mholtar do bhallstáit iad féin gníomhú mura ngníomhaíonn an tAE mar aonad.

Tá brú anois ar cheannairí polaitiúla san Aontas Eorpach stop a chur le tacaíocht a thabhairt d’Iosrael, fiú sa Ghearmáin.
Tá brú anois ar cheannairí polaitiúla san Aontas Eorpach stop a chur le tacaíocht a thabhairt d’Iosrael, fiú sa Ghearmáin.

Theip, i ndeireadh Iúil, ar thogra a bhí ann cuid de rannpháirtíocht Iosrael sa chiste taighde Horizon a chur ar fionraí.

Ach ceaptar anois go bhfuil saoránaigh ag cailleadh muiníne as an AE.

Mar shampla, i bpobalbhreith sa Ghearmáin, tír a thacaigh le hIosrael go traidisiúnta – léirigh sí go gcuireann 80% d’áitritheoirí i gcoinne ghníomhartha Iosrael i nGaza, agus go bhfuil dhá thrian den phobal ag iarraidh ar an rialtas gníomhú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram