

Níl tada cosúil le seanchairde ag teacht le chéile arís, mar a d’fhoghlaim Rosie O’Donnell le déanaí — agus cén áit is fearr é a dhéanamh ná in Éirinn, áit a bhfuil an chraic go hiontach!
Sin a rinne Cynthia Nixon ó Sex and the City le déanaí, agus í ag tabhairt a clainne go Baile Átha Cliath. Ansin bhuail sí lena cara agus comh-aisteoir ón tsraith And Just Like That, Rosie , a bhí ag cur seó ghrinn ar siúl sa 3Olympia Theatre.
Roinn Cynthia pictiúr ón chúl stáitse — í féin, Rosie, bean chéile Cynthia, Christine Marinoni, agus a mac Max, atá 14, go léir ag gáire.
Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach — bhuail siad le chéile arís i gcríochfort Dhún Laoghaire ar a mbealach go Féile Fringe Dhún Éideann.

Dúirt Cynthia: ‘Ní raibh tada cosúil le mo chara a fheiceáil ag baint an-taitneamh as an stáitse — i mBaile Átha Cliath! Agus bhí an t-ádh linn go bhfacamar í arís san aerfort.’
Tháinig Rosie isteach sa tsraith And Just Like That mar an bhean rialta Mary, a raibh spallaíocht bheag (fling) aici le Miranda (carachtar Cynthia).
Chuir an ról sin iontas ar lucht leanúna, ach go háirithe in Éirinn, mar tá Rosie ag cur fúithi anois i mBaile an Chaisleáin.
D’fhág sí Meiriceá le déanaí, in éineacht lena mac Clay, atá 12, agus is léir nach bhfuil fonn uirthi dul ar ais.
Tá sí cáiliúil as a fuath don Uachtarán Trump — rud a roinneann sí le Cynthia, atá gníomhach i gcúrsaí sóisialta agus polaitiúla.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.